Seoladh Seachtain na Gaeilge 2018 go hoifigiúil i lár Thrá Lí le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Beidh seoladh eile ar siúl i mBéal Feirste, an chéad uair a sheolfar an fhéile go náisiúnta sa gcathair sin, ag deireadh na seachtaine seo. Is í Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Nuala McAllister, a sheolfaidh an fhéile Dé hAoine an 2 Márta ag 10am ag Halla na Cathrach.