Sheamus rua na Gaeilge
Réalta WWE ag labhairt na Gaeilge ar RAW


Bhí an réalta WWE, Sheamus rua, le cloisteáil ag tabhairt dúshlán trodaí eile le linn an chláir iomrascála Monday Night Raw agus é ag labhairt i nGaeilge.

Tháinig Sheamus, nó ‘An Míol Mór Bán’ mar a thugtar air fosta, aniar aduaidh ar an trodaí Zack le linn an chláir a craoladh ar EST oíche Dé Luain sna Stáit Aontaithe.

“Conas atá tú, Zack? An bhfuil tú go maith?” a dúirt Sheamus go tarcaisneach i ndiaidh dó Zack a bhrú go talamh.

Is é ‘An Míol Mór Bán’ an trodaí Éireannach is mó cáil ar stáitse WWE (World Wrestling Entertainment) agus is maith linne in NÓS go bhfuil ag sé ag tapú na deise an Ghaeilge a chur chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta.

Tá muid cinnte go gcinnteoidh an sárthaispeántas seo ó Sheamus rua go mbeidh páirt aige amach anseo i Ros na Rún.

Coinnigh ort, a Sheamus!

  • tuigim

    Tá Gaeilge láidir ☺
    Maith é!