Sootmother – cá bhfuair an scuid a hainm?

Sa tsraith ghearr seo, beidh Dennis King ag breathnú ar shanas na n-ainmneacha aisteacha a thugtar ar ainmhithe éagsúla sa Ghaeilge. An tseachtain seo, is í an scuid atá faoi chaibidil aige, nó an mháthair mhór shúigh mar a thugtar freisin uirthi.


‘Smoke screen’ — Brat deataigh a chuirtear síos le fórsa míleata a cheilt ón namhaid; rud éigin a dhéantar le daoine a chur ar míthreoir.

Tá an cleas seo ag trí chréatúr atá ina gcónaí san fharraige: an cudal; an t-ochtapas agus an scuid. Ach toisc nach féidir deatach a dhéanamh gan tine, agus toisc nach féidir tine a lasadh faoi uisce, tá seift dá gcuid féin acu.

Tá mála ina gcorp atá ceangailte den tóin, agus tá an mála seo lán de mheilinin, leacht dubh atá cosúil le dúch. Is í an mheilinin chéanna a dhéanann ár gcraiceann buí, donn, nó dubh.

Nuair a thugann an scuid faoi deara go bhfuil creachadóir ina gaobhar, scairdeann sí an dúch seo, measctha le múcas, amach as a tóin. Scaipeann an scamall dorcha amach go luath. Cá bhfuil an scuid anois? As go brách léi! Níl fágtha ag an gcreachadóir ach dúch.

‘Scuid’ an focal is coitianta atá againn ar an ainmhí seo, ach tá ainm eile againn uirthi, mar atá ‘máthair shúigh’. Tá ‘máthair altrama’ agus ‘máthair bhaistí’ againn, ach céard is ciall le ‘súgh’, más é ‘súigh’ an ginideach? ‘Mother of Soot’ atá inti! Conas sin?

Tá beagán teangeolaíochta de dhíth leis an gciall sin a mhíniú. Tosóidh muid le ‘súiche’, an focal caighdeánach ar ‘soot’. Ach tá leaganacha eile den fhocal seo ann. ‘Súgha’ is ea ceann acu, atá, nó a bhí, coitianta i ndeisceart na hÉireann.

Tá ‘súgha’ le fáil mar cheannfhocal i bhfoclóir an Duinnínigh, leis an nginideach ‘súghaidh’. Mar a deir an tAthair Ua Duinnín san iontráil chéanna, is mar ‘súghaig’ a deirtear ‘súghaidh’ i gCúige Mumhan. Cuir litriú an lae inniu ar ‘súghaidh/súghaigh” agus is é ‘súigh’ atá againn, leis an bhfuaimniú ‘súig’ sa Deisceart. Voilà. Is ionann ‘máthair shúigh’ agus ‘máthair shúghaidh’ agus is ‘mother of soot’ a chiallaíonn sé.

Ag an bpointe seo, tá sé chomh maith againn súil a thabhairt ar ghrianghraf den mháthair shúigh mhór i mbun a cleasa.

Na hiascairí a chonaic an scuid ag scaoileadh a brait deataigh mar seo, nach mbeadh sé éasca dóibh é a shamhlú le bleaist de shúiche nó de shúgha?

Aguisín— is iontach an leabhar é Cladaí Chonamara le Séamas Mac an Iomaire, ach rinne an t-údar botún amháin ann maidir leis an scuid. Tugann sé ‘láimhíneach’ uirthi, ach de réir teanglann.ie agus téarma.ie, is ionann an láimhíneach agus an ‘anglerfish/lophius piscatorius’.

SCÉALTA EILE