Ritheadh rún ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Caerdydd le deireanas gur ainmneacha Breatnaise a thabharfar ar shráideanna nua i bpríomhchathair na Breataine Bige feasta. Tá súil ag na comhairleoirí go mbeidh an oiread céanna sráidainmneacha Breatnaise in Caerdydd agus atá Béarla amach anseo, agus go gcabhróidh an cinneadh an teanga a chur chun cinn sa chathair.
Anuas air sin, glacadh le moladh go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach, Breatnais agus Béarla, ar chomharthaí sráide Béarla amach anseo. Ní bhainfear anuas aon chomhartha Béarla láithreach, ach nuair a bheidh uasghrádú le déanamh ar sheanchomharthaí, is comharthaí dátheangacha a chrochfar in áit na seancheann.
Moladh ag an gcruinniú go roghnófaí sráidainm a “thiocfaidh le stair agus le hoidhreacht na háite” nuair a bheifí ag ainmniú sráideanna nua sa chathair. Ceadófar, freisin, ainmneacha agus sloinnte daoine i sráidainmneacha nua sa chás go bhfuil ceangal staire nó oidhreachta ag an duine leis an áit.
Rinneadh an cinneadh i ndiaidh don Chomhairle Cathrach suirbhé a dhéanamh i measc mhuintir na cathrach, suirbhé inár aontaigh 60% de lucht a fhreagartha leis an moladh go dtabharfaí cothrom na féinne don Bhreatnais. Dúirt formhór na ndaoine a thacaigh leis an rún go mbeadh tionchar maith ag a leithéid de bheartas ar an mBreatnais.
Tá fáilte curtha roimh an gcinneadh ag gníomhairí teanga, an Coimisinéir Teanga Aled Roberts ina measc.
“Déanaim comhghairdeas le Comhairle Caerdydd as a bpolasaí nua sráidainmneacha. Léirítear go leor faoi stair agus oidhreacht áite ina logainmneacha; agus léireoidh an polasaí sa phríomhchathair tiomantas na comhairle, agus go deimhin, na tíre, i leith na Breatnaise,” a dúirt Roberts.
Tamall de bhlianta ó shin ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena leithéid de pholasaí i leith sráidainmneacha nua agus eastát nua tithíochta. Is i nGaeilge amháin a bhíonn na hainmneacha a thugtar ar na háiteanna nua sin i nGaillimh le breis agus deich mbliana.