Stádas oifigiúil ag Teanga na Comharthaíochta sa mBreatain

Ritheadh Acht Theanga na Comharthaíochta in Westminster an tseachtain seo, acht a thabharfaidh cearta teanga do na bodhair agus daoine eile a úsáideann teanga na comharthaíochta in Albain, i Sasana agus sa mBreatain Bheag. Ní bheidh feidhm ag an Acht sna Sé Chontae, áit a bhfuil dhá chanúint de theanga na comharthaíochta in úsáid ag an bpobal – Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus Teanga Chomharthaíochta na Breataine. 

Beidh an ceart anois ag daoine a úsáideann an teanga seirbhísí a éileamh ón stát sa teanga sin.  

“Mar thoradh ar an mBille seo, beidh lucht úsáide BSL in ann coinní ospidéil agus a leithéid a dhéanamh sa teanga sin chomh maith le cumarsáid a dhéanamh leis an stát inti ar bhealach uileghabhálach,” a dúirt an Tiarna Holmes of Richmond, urraitheoir an Achta i dTeach na dTiarnaí in Westminster. 

Dúirt cathaoirleach Cumann na mBodhar sa Bhreatain (BDA) David Buxton, fear a bhunaigh an eagraíocht BSL Act Now, gur “lá fíorstairiúil” a bhí ann agus go mbeadh an reachtaíocht ina “díol inspioráide do thíortha timpeall na cruinne”. Tugadh acht dá leithéid isteach in Éirinn in 2017.

“Cé gur lá is ceart a cheiliúradh é an lá inniu, cuimhnígí nach bhfuil anseo ach an chéad choiscéim ar chosán fada i dtreo rochtain chothrom ar sheirbhísí poiblí, ar eolas, agus ar dheiseanna d’úsáideoirí BSL sa mBreatain Mhór. Tá BDA ag súil le bheith ag obair as lámha a chéile leis an rialtas agus le státseirbhísigh leis an Acht a chur i bhfeidhm agus súil a choinneáil ar an dul chun cinn, le go bhfreastalófaí ar an 151,000 duine arb í BSL a rogha teanga,” a dúirt sé. 

Tá an reachtaíocht sa Tuaisceart i sáinn le dhá bhliain anuas, cé gur aontaigh páirtithe Stormont Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann araon a aithint in 2020. Ní féidir an Bille a chur trí Stormont mura mbíonn an feidhmeannas ag oibriú mar is ceart. Is mar sin atá cúrsaí ó d’éirigh Paul Givan as ceannaireacht an DUP níos túisce i mbliana, agus is dóiche ná a mhalairt nach dtiocfaidh aon athrú ar an scéal go dtí go mbeidh an toghchán ann an mhí seo chugainn. 

Tá bille á réiteach ag an Aire Pobal Deirdre Hargey agus a roinn ach ní bheifear in ann é a achtú gan an feidhmeannas. Tugadh acht dá leithéid isteach in Albain in 2015, agus sa Deisceart in 2017. 

Tá tuairim is 18,000 duine sna Sé Chontae a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann nó Teanga Chomharthaíochta na Breataine.   

SCÉALTA EILE