Beidh Oik Postagh Ellan Vannin (Oifig an Phoist Oileán Mhanann) ag iarraidh ar mhuintir an oileáin a gcuid Gaelg a chleachtadh an mhí seo chugainn agus sraith nua stampaí poist le heisiúint acu.
D’fhógair an tseirbhís náisiúnta poist san oileán le deireanas go mbeidh fáil ar shé stampa nua poist ón 4 Iúil mar chuid den chomóradh 120 bliain a bheifear a dhéanamh ar Yn Çheshaght Ghailckagh an mhí seo chugainn, agus mar chuid den cheiliúradh idirnáisiúnta atá á dhéanamh ar Bhliain na dTeangacha Dúchais.
D’oibrigh Oik Postagh Ellan Vannin as lámha a chéile le Culture Vannin agus leis an ealaíontóir Mary Cousins le scéilín sé phictiúr a chur le chéile a chuirfeadh frásaí bunúsacha Manainnise os comhair an phobail.
Insítear ‘scéal’ beag dhá luch ar na stampaí nua agus iad ag caitheamh an lá in éindí lena chéile sa bpáirc, ag bialann, agus ar an trá. Tá beannachtaí simplí ar nós ‘moghrey mie’ (maidin mhaith), ‘slane lhiu’ (slán leat) agus ‘kys t’ou?’ (conas atá tú?) le feiceáil ar na cartúin bheaga ghleoite.
Is féidir leabhar gnáthstampaí poist ar £7.42, bailiúchán stampaí i bpacáiste taispeántais ar £8.17, nó Clúdach Chéad Lae ar £8.12 a ordú ó Oik Postagh Ellan Vannin.