Súil ag lucht na Gàidhlig 57k duine a mhealladh ar Duolingo faoi Lá Fhéile Aindrias

Tá súil ag an dream is mó a luaitear leis an bhfeachtas ar son an chúrsa nua Gàidhlig ar Duolingo, @DailyGael, 57,000 foghlaimeoir a mhealladh chuig an aip foghlama teanga faoi dheireadh an lae amárach, Lá Fhéile Aindrias — féile náisiúnta na hAlban. 

Eisíodh an cúrsa Gàidhlig ar Duolingo níos luaithe an tseachtain seo, i ndiaidh feachtas mór ó leithéidí @DailyGael, gníomhaithe teanga, agus polaiteoirí a raibh spéis acu sa teanga. Mar a tuairiscíodh ar NÓS aréir, chláraigh breis agus 6,700 duine leis an gcúrsa taobh istigh de 24 uair an chloig, agus tá méadú mór millteach tagtha ar líon na bhfoghlaimeoirí ó shin. 

Faoi láthair, tá 40,000 duine cláraithe leis an gcúrsa nua Gàidhlig. De réir an Daonáirimh a rinneadh in 2011, tá 57,000 cainteoir líofa in Albain agus thart ar 87,000 duine a thug le fios go raibh tuiscint éigin acu ar an teanga.

Tá lucht na Gàidhlig ag iarraidh go mbeidh ar a laghad an líon céanna daoine ag foghlaim na teanga ar Duolingo agus tá in ann í a labhairt go líofa in Albain faoi dheireadh an lae amárach, Lá Fhéile Aindrias.

Bíonn sé á mhaíomh ar an aip foghlama teanga go bhfuil níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge ar Duolingo ná mar atá cainteoirí dúchais in Éirinn. Ní léir cé mhéid den 57,000 cainteoir Gàidhlig in Albain atá ina gcainteoir dúchais.

Tá fochuntais @DailyGael, @ScotsGaelicFor agus @ScotsGaelicDuo, ar a ndícheall faoi láthair ag iarraidh daoine a mhealladh chun an chúrsa roimh an lá amárach, agus cabhair á lorg acu ó dhaoine mór le rá in Éirinn agus in Albain.

Is í an Ghàidhlig an tríú teanga Cheilteach a cuireadh le Duolingo — tá an Ghaeilge agus an Bhreatnais ar fáil le fada an lá. Níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh an Mhanainnis ar fáil go luath, ceal spéise ó ghníomhaithe teanga sa tír sin, agus níl aon chaint ar fheachtas ar son na Coirnise ná na Briotáinise ach an oiread. 

SCÉALTA EILE