Súil leis na mílte i mBéal Feirste don Lá Dearg amárach

Táthar ag súil leis na mílte cainteoirí Gaeilge agus lucht a dtacaíochta i mBéal Feirste amárach, an 21 Bealtaine, don ‘Lá Dearg’. Éileoidh na sluaite a shiúlfaidh ó Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál go Halla na Cathrach cearta teanga do lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae – cearta atá á n-éileamh acu ó bunaíodh an Dream Dearg in 2017 agus níos faide siar fós.

Tá busanna eagraithe as gach cearn den tír agus súil ag an Dream Dearg go dtiocfaidh ní hamháin cainteoirí Gaeilge na Sé Chontae amach amárach ach cainteoirí Gaeilge as an tír ar fad le tacú lena n-éilimh.

“Tá tacaíocht ollmhór ón phobal don Acht Gaeilge agus don fheachtas trí chéile agus tá muid uilig ag súil le slua stairiúil i mBéal Feirste don Lá Dearg. Nuair a amharcann muid siar ar an Lá Dearg deiridh a rinne muid in 2017 níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn dóchreidte déanta againn mar phobal. Tá gréasán ollmhór gníomhaithe ag eagrú agus ag pleanáil le míonna fada anuas agus anois tá deis againn mar phobal ár ngúth a ardú arís eile os comhair an domhain.

“Beidh na Gaeil chun tosaigh, glórach agus bródúil, ag éileamh chearta teanga a diúltóidh dúinn le breis agus 20 bliain. Bhrúigh muid ceist na Gaeilge go croílár na polaitíochta anseo agus níl muid ag dul áit ar bith go n-aithníonn an stát seo ár dteanga dhúchais agus ár bpobal sa dlí. Beidh An Lá Dearg seo ollmhór. Siúlaigí linn. Seasaigí linn. Le chéile athróidh muid an domhan seo,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh ón Dream Dearg.

Cuirfear tús leis an máirseáil ag 13.00 taobh amuigh den Chultúrlann agus beidh ócáid mhór ar siúl ag Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste nuair a bhainfidh lucht na hagóide ceann scríbe amach sa tráthnóna. Beidh grúpaí Gaeilge, scoileanna, grúpaí óige, grúpaí pobail agus eagraíochtaí Gaeilge ag máirseáil mar aon le gnáthchainteoirí Gaeilge agus daoine eile a thacaíonn leis an Acht Gaeilge atá á éileamh ag an Dream Dearg agus grúpaí eile feachtais le fada an lá.

Gealladh reachtaíocht teanga lena dtabharfaí stádas agus cearta don Ghaeilge agus lucht a labhartha i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 agus sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a aontaíodh in 2020. Gheall an Rúnaí Stáit Brandon Lewis go dtabharfaí an reachtaíocht isteach anuraidh agus dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus é ar cuairt ar Bhéal Feirste níos luaithe an mhí seo go mbeadh reachtaíocht teanga ann. Tháinig ionadaithe thofa Theach Laighean le chéile lena dtacaíocht a léiriú don éileamh an tseachtain seo chomh maith.

SCÉALTA EILE