“Tá an-áthas orm an…” Céard?
Feiniméan na ndroch-óráidí & an teanga náisiúnta

Bhí an t-am ann nuair a shíl mise go raibh an ‘cúpla focal’ scríofa go buan ar chúl gach corn CLG sa dóigh is go dtiocfadh leis an chaptaen buach nod a thabhairt dár sean-teanga bhocht.

Faraor, is rí-léir anois nach ann don scríbhinn sin tar éis do Kieran Donaghy praiseach cheart a dhéanamh dá óráid i ndiaidh dó Corn na Mumhan a ardú go bródúil ar son mhuintir na Ríochta Dé Sathairn.

Thosaigh sé amach le “Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, agus a mhuintir Chiarraí, tá an-áthas orm ar foireann seo a ghlacadh ar chorn Chiarraí”, agus ansin lean sé leis an óráid i mBéarla.

Anois, ní hé an chéad duine riamh chun na focail sin a rá go hamscaí agus seans go raibh bua na foirne i ndiaidh dul sa cheann aige.

D’fhéadfaí a rá nach raibh ann ach meancóg bheag nó nach bhfuil mé féin ach ag ardú na ceiste de bharr go bhfuil bá faoi léith agam do mhuintir agus d’imreoirí Chorcaí.

Ach ní sin an fáth ar chor ar bith.

Is beag rud ar an saol seo ar a bhfuil níos mó measa agamsa ná CLG agus teanga na nGael, agus tá mé go láidir den bharúil gur chóir an meas ceart a thabhairt don Ghaeilge má tá captaen foirne chun tabhairt faoin chúpla focal roimh aon chorn a ardú.

Níl ganntanas Gael i gCiarraí a bheadh in ann comhairle mhaith a chur ar Kieran, go háirithe agus óráidí chomh líofa spreagúil stairiúil sin a gcuimhneofar orthu go deo ón laoch mór Páidí Ó Sé agus ar ndóigh ón fhathach Dara Ó Cinnéide.

Ní mór ach cuimhneamh chomh maith ar óráid chlúiteach Sheáin Óig Uí Ailpín.

“Is fada an turas é ó Fiji go Corcaigh…” agus an tionchar a bhí aige sin ar mhuintir na hÉireann uile ag an am.

Daoine spreagtha chun Gaeilge a úsáid tar éis dóibh an fear mór a rugadh ar an taobh eile den Domhan a fheiceáil beo ar an teilifís ag spalpadh Gaeilge agus Corn Mhic Cárthaigh á shíniú os a chionn aige.

Agus mura gcuireann focail Joe Connolly an ghruaig ar chúl do mhuiníl ina seasamh, níl a fhios agam cad é a chuirfeas… é ar fad ráite “i nGaeilge álainn cheolmhar Chonamara,” mar a dúirt Mícheál Ó Muircheartaigh.

Mór an trua mar sin nach raibh sé ar a chumas ag an Chiarraíoch mór cúpla focal a chur le chéile a raibh ciall leo fiú, ach seans gur léiriú é ar an áit ina bhfuil muid mar phobal teanga faoi láthair.

Tá mé ag dul mé féin a chur amach ansin agus cuidiú a thairiscint d’aon imreoir CLG in Éirinn nó i gcéin ar mhaith leo óráid shoiléir, spreagúil agus mhórtasach a chur le chéile don lá buach.

Tá mo cheansa féin scríofa agam agus snas á chur agam air le fiche bliain anuas, gan fáil agam é a chur i gcrích go fóill de bharr easpa coirn!


Aimsigh ar Twitter mé a leaids má tá cuidiú uaibh leis na hóráidí agus bíodh cúpla focal ar do theanga don lá mór!