Tá asail i réim agus go leor fós le déanamh ag An Dream Dearg

Tá Pádraig Ó Tiarnaigh ar dhuine de lucht ceannais An Dream Dearg.


Le dhá bhliain anuas is iomaí comhrá atá déanta agam le cairde, le comhghleacaithe agus le ‘comhdheargóirí’ maidir le tionchar na meán sóisialta ag leibhéal feachtasaíochta agus agóidíochta. Nuair a bunaíodh An Dream Dearg is dóigh liom gur cuireadh tús le ré úr i scéal stocaireachta na Gaeilge. 

Feachtas é atá beo ar líne, a bhfuil brandáil shimplí, éifeachtach aige. Tá sé bunaithe ar spásanna a chruthú agus a bhuanú agus ar mhodhanna úra eagraithe sóisialta, agus le haimpliú a dhéanamh ar ghníomh an phobail ar na

sráideanna, sa seomra ranga agus áiteanna eile nach iad.

Is iomaí gníomh atá curtha i gcrích againn ó bhí Nollaig 2016 ann, nuair a baineadh scoláireachtaí Líofa ó na coláistí samhraidh. Leis an chinneadh éagórach sin, cuireadh lasair as an nua faoin fheachtas dhearg, feachtas a bhí taobh thiar de Lá Mór na Gaeilge in 2014 agus a bhí ag dlúthú arís, ó bhí Samhain 2016 ann, de dheasca ionsaithe tromchúiseacha an DUP ar an Ghaeilge agus ar an Ghaelscolaíocht.

Ó shin ar aghaidh, tá an feachtas #AchtAnois aitheanta mar cheann de na gluaiseachtaí sóisialta is mó ó thuaidh le fada an lá. Chuir an t-iriseoir Éamonn Mallie an feachtas ar son cearta teanga i gcomparáid le Gluaiseacht na gCeart Sibhialta caoga bliain ó shin.

Físeáin a dhéanamh agus a scaipeadh. Pictiúir phróifíle a athrú. Stocaireacht ar ionadaithe tofa. Haischlibeanna. Snáithí fíricí. Méimeanna agus go leor eile. Is beag gníomh ar na meáin shóisialta nach bhfuil déanta ag An Dream Dearg, agus is lú arís an méid acu nár éirigh leo dul i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge agus ar na hionadaithe tofa, ó thuaidh go háirithe. 

Go bunúsach, d’athraigh sé an dóigh a mbíonn an bhunaíocht pholaitiúil agus na meáin chumarsáide ag plé le ceist na Gaeilge ó thuaidh agus tugadh tús-áite, den chéaduair riamh, don phobal sa phlé sin.

Dár ndóigh, tá lorg fheachtas An Dream Dearg le sonrú go soiléir san anailís a rinne an Dr Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri, le déanaí ar úsáid dhá straoiseog a shamhlaítear leis an ghluaiseacht ag lucht na Gaeilge ar Twitter.

Dúirt mé an t-am sin gur “aimplitheoirí sóisialta” d’fheachtas cearta teanga iad na hardáin dhigiteacha. Is ionann sin agus a rá go méadaíonn na meáin shóisialta an teachtaireacht, go scaipeann siad níos fairsinge í agus go dtéann sí i bhfeidhm ar thuilleadh daoine. Déantar an teachtaireacht níos mó. Cuirtear os comhair pobal níos leithne í. 

Rinne mé cúrsa oiliúna le heagras feachtasaíochta @PPR_Org le déanaí, eagras a bhíonn ag cuidiú le daoine dul i ngleic leis na húdaráis i dtaca le héagothromaíocht tithíochta agus leasa shóisialaigh. Is iad atá ar thús cadhnaíochta i dtaobh na feachtasaíochta ag leibheál an phobail ó thuaidh. Rinneadh dianmhachnaimh ar go leor de na gníomhartha atá déanta ag grúpaí éagsúla agus ar an éifeacht bhuan a bhíonn acu ar na feachtais féin. 

Aithníodh go mór an tionchar a bhíonn ag an chur chuige dhigiteach chun daoine agus pobail a eagrú. Ach is é an t-aistriú suime sin ó na hardáin ar líne chun na sráideanna bunús na ceiste a bhí ag dó na geirbe againn i rith an lae. 

Éiríonn leis An Dream Dearg daoine a thabhairt chun sráide arís agus arís eile. Seifteanna éagsúla. Áiteanna éagsúla. Spriocanna agus scoileanna éagsúla. Chun an pobal a spreagadh chun gnímh, bíonn suim agus spéis le cothú gach uair. Sin an dúshlán. 

Tá cur chuige fíor-nuálaíoch i bhfeidhm ag feachtas @ByDonkeys ar Twitter chun an bhearna idir an cibearspás agus an tsráid a chúngú ar fad — is é sin, Twitter a scaoileadh saor sa phobal bheo. 

Tá na scórtha ráiteas de chuid polaiteoirí Shasana curtha i bhfoirm tvuíteanna acu agus tá siad le feiceáil anois in airde ar chláir fógraíochta sna cathracha agus sna bailte is mó sa Bhreatain.

Tá an stocaireacht ‘dhé-dhigiteach’ seo ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar phobail ar fud na cruinne faoi mar atá bearta na bpolaiteoirí i dtaobh an Bhreatimeachta ag teacht salach ar bhriathra a thug siad roimhe seo.

Agus níos cruthaithí arís, bhí cláir fógraíochta na bhfeachtasóirí in úsáid ag an mhórshiúl ar son fanacht san Aontas Eorpach níos luaithe i mbliana i Londain ar ghlac breis agus milliún duine páirt ann.

Chomh maith leis sin, cuireadh físeáin ag bréagnú na miotas i dtaobh an Bhreatimeachta ar chúl leoraí.

Tá cumhacht na ngníomhartha seo, atá ag díriú solais ar mhí-ionracas agus ar mhíleanúnachas na bpolaiteoirí, á tabhairt faoi deara ag iriseoirí agus ag lucht feachtasaíochta faoi dheireadh:

Smaoinigh air seo: na postálacha, na méimeanna, na físeáin, mar aon leis na ráitis is maslaí agus is mire atá caite amach ag an DUP, ag iriseoirí agus ag naimhde na Gaeilge méadaithe go 20m x 5m agus curtha in airde i lár Bhéal Feirste, ar an Iúr, ar an Ómaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Samhlaigh arís Three Billboards Outside Ebbing, Missouri.

Tá an síol curtha sa ghort #dearglefearg ag daoine eile roimhe seo, ar bhealach.

Tá tús curtha roimhe seo ag @dreamdearg leis an ábhar maslach a chraobhscaoileadh i bhfíseán ar stíl #MeanTweets Jimmy Kimmel. D’éirigh go geal leis.

An difear idir sin agus an rud atá ar bun ag @ByDonkeys go gcuireann siadsan a gcuid ábhair ar fáil os comhair an mhórphobail, in áiteanna nach féidir neamhaird a dhéanamh orthu. Agus tá toradh dochreidte éifeachtach bainte amach acu.

Níl aon cheist faoi, tá na hasail seo i réim, agus tá ag éirí leo.

Anois, cá bhfuil mo dhréimire?