Chuir cinneadh an rialtais cúrsaí na gcoláistí samhraidh 2020 a chur ar ceal brón an domhain orm an tseachtain seo caite, cé go bhfuil cleachtadh againn faoin am seo le rudaí a bheith á gcur ar ceal de dheasca an choróinvíris.
Tá seantaithí agam ar “An Ghaeltacht” (mar a ghlaoití ar an gcúrsa samhraidh). Chuaigh mé chuig an nGaeltacht ceithre bhabhta agus mé ag freastail ar an meánscoil: seachtainí taitneamhacha caite cois farraige i gConamara, saoirse nach bhfaighinn riamh ag an mbaile nó ar an meánscoil áitiúil, an Ghaeilge mar theanga bheo á cloisteáil againn den chéad uair riamh.
Chaith mé beagnach gach samhradh ina dhiaidh sin ag obair ann, mar chúntóir (gan mórán maitheasa ach an croí san áit cheart) agus múinteoir (na samhraí ba thaitneamhaí in éineacht leis na daltaí ba dhíograisí).
Ba sa Ghaeltacht a chuir mé aithne cheart ar mhuintir na Gaeltachta agus inár músclaíodh grá don Ghaeilge ionam. Ba sa Ghaeltacht a thuig mé m’fhéiniúlacht mar Éireannach. Spreag an Ghaeltacht agus a pobal meas ionam ar mo thír agus ar mo theanga.
Mar scoláire, bhí craic agus scléip ann nach bhfaighfeá in aon áit eile. Bhí cairdeas láithreach ann – thuigimis nach mbíodh ach trí seachtainí againn agus níor theastaíodh uainn aon am a chur amú.
Bhí díograis ionainn mar scoláirí — bhí a fhios againn gur chosain an cúrsa go leor airgid ar ár dtuismitheoirí, agus bhí muid diongbháilte an teanga a fhoghlaim. Ní raibh orainn cur suas le pleidhce an ranga nó leis na daoine arbh fhuath leo an Ghaeilge, a bhíodh ann i gcónaí ar meánscoil. Thug sé deis dúinn ár gcruthaitheacht a iniúchadh, agus tabhairt faoi thograí nach ndéanfaí riamh ar scoil agus an Ardteist ag bagairt orainn.
Bhí deis againn dearmad a dhéanamh ar an mbaile; ar an mbuairt a bhíodh orainn agus ar an mbulaíocht a dhéantaí orainn; ar an mbrú a chuireadh múinteoirí orainn torthaí maithe a bhaint amach ionas nach gcuirfí náire orthusan ag deireadh na bliana. Bhí muid in ann a bheith níos dlúithe dúinn féin, tosú as an nua le daoine nua agus muid féin a chur i láthair pé bealach a thaitin linn.
Is iomaí ceacht a d’fhoghlaim muid, ó mhuintir na Gaeltachta agus ó mhuintir na cathrach (a raibh i bhfad níos mó “taithí” acu – agus ní taithí ar an modh coinníollach atá mé a rá).
Oscailt súl ollmhór a bhí ann dom go pearsanta: ní raibh mé in ann braith ar chara mé a tharraingt isteach i gcomhrá nó i ngrúpa, rinne mé mo chairde féin den chéad uair riamh, ag braith ar mo phearsantacht.
Thuig mé gur teanga í an Ghaeilge ar cheart a labhairt, seachas ábhar scoile ar cheart a chur de ghlanmheabhair. Threoraigh an cúrsa Gaeltachta chun na hollscoile mé, agus chun an tsaoil atá agam anois.
Agus mé ag féachaint trasna an chladaigh ó Chill Chiaráin na Gaillimhe ar Chontae an Chláir, thit mé i ngrá leis an nGaeltacht agus a beocht agus a ceol. Bhí mé faoi dhraíocht aici an samhradh sin; téim siar ag laethanta m’óige agus mé ar cuairt uirthi nó nuair a chloisim caint fháilteach na ndaoine inti.
Mar sin, bhí díomá orm nuair a chuala mé gur cuireadh na cúrsaí ar ceal.
Bhí díomá orm go mbeidh daoine óga ag cailliúint na ndeiseanna a dtabharfaí dóibh, ar na cairde a gcuirfidís aithne orthu, ar an ardú meanman a bhfaighidís ann, an t-oideachas a gcuirfí orthu ann.
Bhí díomá orm go mbeidh sé ní ba dheacra ar na mná tí agus na múinteoirí óga agus na gnólachtaí áitiúla i mbliana.
Bhí díomá orm go mb’fhéidir go mbeadh glúin ann nach dtitfidh i ngrá leis an nGaeilge, agus tá imní orm faoin tionchar a bheidh aige sin amach anseo.