Tá géarchéim shaibhris agus seanchais ann sa nGaeltacht

“Níl maitheas ar bith sa seanchas nuair atá an anachain déanta,”, a dúirt fear eicínt ar an raidió lá agus é ag caint ar a bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga labhartha agus ar an sleamhnú saibhris atá ag tarlú di. 

Bhuail anbhá mé, agus mé ag déanamh imní go mbeadh an Ghaeilge fágtha gan mhothú, gan arraing mura ndéanfaí rud eicínt go gairid. Is teanga í an Ghaeilge ina bhfuil míle is céad bealach le rud a rá. Bealaí éagsúla a thugann féith fileata don teanga sa saol laethúil. 

Ba rud é seo a thuig mé ó bhí mé i mo ghasúr, go háirid nuair a bhínn i mo shuí tigh Mhamó agus Deaideo ar an Trá Bháin. Is ón bplé agus ón bpléaráca a bhíonn idir Mamo agus Deaideo a thuig mé tábhacht an tsaibhris. Bhainfidís gáire breá asat agus tú ag éisteacht lena gcuid saighdeadh spraíúil.

“Tú féin agus do chuid Gaeilge as Tír an Fhia,” a deireadh Deaideo agus é ag faire ar fhreagra blasta sciobtha ar ais uaidh Mhamó. Is anseo d’airínn an urlabhraíocht dheisbhéalach ghéar sin agus mé súil nach dtiocfadh iamh ar bith ar a mbéal agus iad ag piocadh ar a chéile. Cuthach orm ag iarraidh cibé rud atá dhá chloisteáil agam a chur isteach ar nótaí mo fóin. 

Seo faisean a thosaigh mé nuair a bhí mé i mbliain na hArdteiste, ionas nach mbeinn a riamh ag teacht abhaile as an Trá Bháin i mo bhromachán bliana, gan rud eicínt bailithe agam, idir phíosaí seanchais, logainmneacha nó leaganacha cainte. Díocas orm an méid is mó a shlánú, ag iarraidh an floscadh saibhris a bhíonn acu agus iad i mbun a gcuid gnaithe laethúil a scríobh síos. 

Ar ndóigh ní ó thaobh Mhama a fuair mé an luí agus an meas sin ar an gcaint dheisbhéalach. Cé nach fear mór seanchais agus sanasaíochta Gaeilge a bhí i mo sheanathair ar thaobh m’athar, bhí bua na cainte aige agus bhí sé go hiontach ag inseacht scéalta, rud a thug sé leis ón gcliabhán. B’fhear é a bhí i mbaois na hóige go dtí an lá ar cailleadh é. “Cuimhne an tseanpháiste atá agamsa,” a deir sé liom lá amháin ag an mbord agus muid ag ól tae. 

Rugadh agus tógadh mo Dheaideo sa teachín is gaire do Mhám Éan i mBun na gCnoc, baile beag atá istigh faoi bhléin an chnoic i gcroílár Dhúiche Sheoigheach. Sliabhadóir amach agus amach a bhí ann, a raibh fios agus cur amach aige ar chuile log, coire agus leac a bhí thuas ar na cnoic a bhí díreach ar chúl an tí aige agus é óg. 

Bhí sé ar dhuine de na cainteoirí deireanacha a raibh blas éagsúil Ghaeilge Chonamara Thuaidh, ‘Gaeilge Bhun a’ Chruc’, a ndearna an teangeolaí Kenneth Edward Nilsen staidéar uirthi sna 1970idí. Cé nár thuig sé féin an luach a bhain lena chuid Gaeilge, bhí focla agus leaganacha cainte breátha aige a chuirfeadh forrú fiosrachta ort. 

Bailte ar nós bhaile dúchais Dheaideo, a bhí dearmadta den chuid is mó ó thaobh a gcuid saibhris. Tá saibhreas san áit nach bhfaighfeá in áit ar bith eile. Bealaí le rudaí a rá nár chuala tú riamh cheana. Ba mhinic a deireadh sé rudaí le géarchuimhne, ach ní bhínn ag iarraidh air é a athrá ar fhaitíos nach ndéarfadh sé aríst é. 

Nuair a cailleadh é, chuaigh an mheabhairín mheanmnach leis san uaigh. Rud a chuir aiféala mór orm nuair a cailleadh é, mar gheall nach raibh tada ceart bailithe agam uaidh. Ba ansin a thosaigh mé ag cuimhneamh ar na daoine eile ar nós mo sheanathar a raibh saibhreas éagsúil acu sin.  

Céard fúthu siúd sna ceantracha eile Gaeltachta atá tar éis maolú go mór le trí scór blianta? Tá daoine fós fanta iontu sin bhfuil a scéal le roinnt acu. Tá daoine i Maigh Eo, Uíbh Ráthach, Cléire, Múscraí, deisceart Thír Chonaill, Dúiche Sheoigheach agus ar an Eachréidh a bhfuil gaois saibhris acu, a ghabhfaidh leo go dtí an uaigh. Is bocht an rud é má bhíonn an saibhreas sin uilig ligthe i léig.

Ní hamháin go bhfuil géarghá ann an Ghaeltacht a chaomhnú, ach tá géarchéim shaibhris agus seanchais ann freisin. Níl sí ag na daoine óga, agus níl sí á chothú sna scoileanna. Céard í an Ghaeilge labhartha gan an saibhreas sin? An bhfuil lón an bháis ite ag an nGaeilge? 

Tháinig claochlú ar thraidisiún na scéalaíochta sna ceantracha Gaeltachta, gné eile de shaol na Gaeltachta atá ag cúlú anois. Ach fadó is iomaí bailitheoir béaloideasa a bhíodh ag déanamh cosáin dhearga ar fud Chonamara ag cnuasach agus ag bailiú na scéalta seo. Amach leo ar lom an bhóthair, ar a dtriall siar, ó thuaidh agus ó dheas ag bailiú, iad ag faiteall ar sméir mhullaigh ár dteanga. Bailitheoirí béaloideasa ag dul in áiteacha le dúrúch go minic ar chosáin nach raibh goir siúil féin iontu thar sliabh agus criathrach chun labhairt le daoine boigéiseacha agus a gcuid seoidíní teanga a bhailiú. Ceathrúna fánacha á mbailiú agus poirt á scríobh ar phár.

Is í an éalang is mó atá ann i measc phobal na Gaeilge, ná go gceaptar go bhfuil chuile shórt bailithe agus gurb in é, ach ní hin mar atá an scéal. Maireann faghairt agus fuinneamh fós sa nGaeltacht, go háirid sna ceantracha a bhfuil ábhar nádúrthach á chumadh fós iontu i nGaeilge. Tá ábhair le bailiú iontu sin b’fhéidir nach raibh ann scór blianta ó shin. 

Dá bhfaighinn breith is dhá roghain ar chúrsaí faoi láthair, thosóinn togra náisiúnta béaloideasa eile, ar nós Scéim Bailiúchán na Scol, a thiomsaigh breis is 740,000 leathanach béaloideasa idir 1937 agus 1939. Tá sé tábhachtach, mar gheall tá go leor rudaí eile ann nach bhfuil taifead ar bith déanta orthu ar nós ainmneacha na ngarranta, amhráin nua-chumtha agus araile.

Cé go bhfuil Coistí Pleanála Teanga faoi chomaoin tograí bailiúcháin ábhair a dhéanamh ina gcuid Limistéir Phleanála Teanga, go minic is gné é seo a chuirtear ar an méar fhada, go háirid sna pobail ina bhfuil an Ghaeilge tar éis cúlú go mór. 

Roimh an Nollaig chuir Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht Iorrais acmhainn iontach chuimsitheach ar fáil don phobal, corpas ábhair de thaifeadtaí canúna, béaloideas, ábhar litríochta agus gnéithe eile idir chlár is chuinneog uilig le chéile in áit amháin. B’iontach an smaoineamh é seo, acmhainn iontach dóibh siúd a mbeadh suim acu i gcultúr Ghaeltachta iarthuaisceart Mhaigh Eo. Tá fáil anois ag chuile mhac na sceiche ar thobairín saibhris Ghaeltacht Iorrais, áis a bheas fiúntach agus ina údar mórtais do mhuintir Iorrais. Ach ar féidir le coistí pleanála teanga eile foghlaim ón smaoineamh iontach seo agus a n-ábhar áitiúil féin a chur ar fáil dá bpobal?

Ba cheart do Roinn Béaloideasa Éireann agus na coistí pleanála teanga theacht le chéile chun togra náisiúnta béaloideasa eile a chur ar an bhfód. Ar ndóigh bheadh iontas ar dhaoine, b’fhéidir, ar líon an ábhair nach bhfuil bailithe fós. 

Is muide a bheidh thíos leis fós mura ndéanfar rud eicínt go gairid. An dtiocfaidh an meas ansin nuair a bheas an chiall ceannaithe? Níl ann ach go gcaithfidh muid cruachan in aghaidh na hanachaine a dhéanamh don mhéid atá fanta.