Níor thuig mé cad a bhí sa Ghaeltacht agus mé óg. Bhí a fhios agam go raibh áit ann darbh ainm ‘Gaoth Dobhair’ agus gurbh shin an áit a rachfá chuig an trá agus a mbeifeá in ann dul chuig an teach tábhairne le do thuismitheoirí san oíche. Is dócha gur thuig mé go raibh rud éigin speisialta faoin áit ach ní raibh mé riamh cinnte cad a bhí ann.
Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus mé ar meánscoil agus is ansin an chéad uair a chuala mé trácht ar an Ghaeltacht. “Áit a dtéann tú le Gaeilge a fhoghlaim,” a dúradh linn agus leis an fhírinne a rá, ní raibh mé róshásta a bheith ag dul ar scoil i rith an tsamhraidh, fiú nuair a gealladh go mbeadh craic ann fosta.
Ach chuaigh mé go Rann na Feirste cibé ar bith agus b’shin nuair a thit mé i ngrá leis an Ghaeilge i gceart den chéad uair. Ní chreid mé an áilleacht a bhí thart orm agus go raibh an oiread sin saoirse againn agus muid ann.
Chuaigh mé ar ais an bhliain dar gcionn agus an bhliain ina dhiaidh sin arís go dtí go raibh mé críochnaithe leis an scoil. Achan bhliain bheadh níos mó Gaeilge agam ná mar a bhí roimhe ach chomh maith leis sin bhí mé níos muiníní agus níos sásta ionam féin dá bharr.
Ní dóigh liom gur thuig mé streachailt na Gaeltachta go raibh mé ar an ollscoil. Ní fhaca mé féin ach na coláistí samhraidh, Tigh Leo, agus Teach Hiúdaí Bhig ar an Satharn deireanach den mhí agus an cabaret ann. Ba chosúil é le bheith ar neamh.
Ach ansin thosaigh mé ag foghlaim faoi na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do chónaí ann. Easpa seirbhísí Gaeilge, easpa tacaíochta ón stát, easpa post srl. D’fhoghlaim mé faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus d’éist mé le scéalta na ndaoine i mo rang faoi na fadhbanna a bhíonn acu sa bhaile agus a gcairde ar fad ag dul ar imirce.
Agus bhí fearg, brón, trua is imní orm ach thar rud ar bith eile mhothaigh mé dímríoch nach raibh mé in ann a dhath a dhéanamh faoi.
Ach mar sin féin, mothaím go bhfuil ceangal níos láidre agam anois leis an Ghaeltacht ná mar a bhí riamh.
Tuigim anois go bhfuil níos mó i gceist leis an Ghaeltacht ná na heispéiris a bhí agamsa inti. Ní hamháin go bhfuil cairde iontacha agam i Rath Chairn, nó cuimhní iontacha agam de Chonamara. Ní amháin gur chaith mé laethanta is fearr m’óige i Rann na Feirste agus go raibh deireadh seachtaine lán de chraic agam in iardheisceart Chiarraí ach tá draíocht faoi léith ag baint leis na háiteanna seo, leis na daoine atá ina gcónaí ann agus iad siúd a d’imigh uathu.
Nuair atá saoirse againn arís agus nuair atá achan rud atá ag dul ar aghaidh thart, is ar ais go Gaoth Dobhair a bheidh mé ag dul.