‘Teanga fhíorúsáideach í Gaeilge Mhanann – seo an fáth’

Tá fóntachas ar cheann de na hargóintí is mó a úsáidtear i gcoinne na Gaeilge agus i gcoinne teanga mhionlaithe ar bith – sure what use is it? Is é sin le rá, cén t-airgead atá le saothrú as?

Mar sin de, shílfeá go mbeadh obair agam cás a dhéanamh ar son úsáideachas Ghaeilge Mhanann?

Fan liom go bhfeice muid.

Sa chéad dul síos, is ar Ghaeilgeoirí déanta atá an smaoineamh seo dírithe, sa dara dul síos, caithfidh muid smaoineamh faoi cad is ciall le fóntachas nó húsáideachas.

Tá sé dírithe ar Ghaeilgeoirí óir ní ghlacfadh sé mórán oibre chun ‘líofacht’ a bhaint amach i nGaeilge Mhanann – tá bunús na teanga agat fiú murar chaith tú aon am á foghlaim go dtí seo. Mar sin de, gheofá luach ar do chuid airgid. Ní bheadh 10,000 uair an chloig de dhíth chun í a fhoghlaim. Is í an teanga is cosúla le Gaeilge na hÉireann – go háirithe don té a bhfuil foclóir na Mumhan aige nó aici, nó don duine a bhfuil eolas acu ar Ghaeilge Oirthear Uladh ar ndóigh.

Sa dara dul síos, cé chomh húsáideach is a bheadh an teanga seo, teanga gan mórán dua ag baint léi? An mbeadh aon chúis fhóntaíoch fheidhmiúil leis an aistear foghlamtha?

Bheadh go pointe, fiú mura bhfuil muid ach ag smaoineamh faoi luach airgeadais na Gaeilge Manannaí. Tá stádas éigin aici san oileán, bíonn oifigigh forbartha agus múinteoirí de dhíth cuir i gcás – ach sin smaointeoireacht an-bhunúsach.

Tá cuspóir de dhíth ar dhaoine, chan airgead amháin. Ní fiú airgead gan chuspóir agus is féidir cuspóir gan airgead – fiú más deacair an bealach é.

Chun aithris (éigin) a dhéanamh ar Eoin Gearaltach Ó Cinnéide, ‘ná smaoinigh ar cad is féidir le do theanga a dhéanamh ar do shonsa, ach ar cad is féidir leat a dhéanamh ar son do theanga’.

Shílfeá go bhfuil argóint níos láidre ar son teanga eile, abraimis an Ghearmáinis, a fhoghlaim (agus ní argóint é seo ina choinne sin), ná ar son Gaeilge Mhanann a fhoghlaim. 

Ach dar leis an Vicipéid, tá 95 milliún cainteoir dúchais ag an nGearmáinis agus tá 80-85 milliún duine ann a bhfuil sí foghlamtha acu – sin ar a laghad 95 milliún a bhfuil Gearmáinis níos fearr acu ná mar atá agatsa – agus beidh sé mar sin go deo.

Cé chomh húsáideach is a bheadh an Ghearmáinis duit (mura bhfuil an tríú theanga de dhíth ort don Aontas Eorpach) – agus ceist níos tábhachtaí arís – cé chomh húsáideach is a bheifeá-sa féin don Ghearmáinis – is é an freagra ar an gceist sin níos minice ná a mhalairt ná faic.

Agus bímis ionraic, tá aithne agam ar dhaoine a chónaíonn sa Ghearmáin nach bhfuil Gearmáinis acu – óir tá Béarla acu – Lingua Franca an domhain – ní féidir leo í a fhoghlaim mar ní gá í a fhoghlaim.

Tá an scéal mar an gcéanna leis an bhFraincis sa Bhruiséil – teipeann ar dhaoine í a fhoghlaim mar is beag nach féidir leo a dhéanamh sa Bhéarla.

Cinnte, bheadh cúiseanna cultúrtha ann taobh amuigh den argóint eacnamaíoch ach más ar lorg cúiseanna cultúrtha atá tú, tarraingíonn sé sin mé ar ais chuig an oileán sa mhuir atá amach romhainn (is féidir linn í a fheiceáil ó Chontae an Dúin in amanna). 

Tá eolas éigin ar Ghaeilge Mhanann ag 2,223 de réir daonáireamh 2021. Taobh amuigh de chorrdhuine thar sáile – sin é.

Ní fios go díreach cá mhéad cainteoir líofa atá ann – ach abraimis 400.

Anois, dá bhfoghlaimeofá Gaeilge Mhanann – bheadh 401 ann.

Bheifeá tábhachtach agus suntasach do theanga – bheifeá ag cur go mór le beatha na Gaeilge in Oileán Mhanann.

Dá bhfoghlaimeofá 400 Éireannach / Albanach í – bheadh dhá oiread cainteoirí líofa ná mar atá anois – dhéanfadh sé sin difear ollmhór do thodhchaí na teanga.

Bheadh sé sin fíorúsáideach, an-fheidhmiúil agus millteanach fóntaíoch. Bheifeá ag cur le líon na gcainteoirí ar an iomlán, bheifeá ag cabhrú chun meáin chumarsáide a chruthú, bheifeá ag cruthú margadh do leabhair, bheifeá i do bhall de chlub an-eisiach amach is amach.

Ba mhór an cuspóir é.

Cad eile atá uait ó theanga ar bith?

[Anois, tá sibh ar fad a rá, “an córas litrithe sin… “, ara, beir ort féin.]

Bain triail as, seo leagan s’agamsa de ‘Conversational Manx’ le John Gell, Ceacht 1.