Ólann aos óg Shasana i bhfad níos lú tae ná na glúnta a chuaigh rompu, agus an tae á thréigean acu ar son ‘chultúr an chaife’ faoi mar atá sé le feiceáil i leithéidí Friends.
Is as Meiriceá a tháinig an cleachtas caife a ól i gcupáin phlaisteacha agus is as Meiriceá a tháinig Americano agus Frappuccino. Cumadh an focal Frappuccino i mBostún, i gcaifé a cheannaigh Starbucks níos déanaí. Tá níos mó ná 50 siopa caifé ag Starbucks i mBaile Átha Cliath amháin agus cinn eile le hoscailt go luath. D’fhéadfaí a cheapadh nach drochrud é scaipeadh nósanna agus chanúint na Meiriceánach, ‘an Mheiriceáinis’, ach braitheann sé ar an dearcadh atá agat (nó ar an deoch atá á hól agat).
Deir Matthew Engel, údar That’s The Way it Crumbles: The American Conquest of English gur cheart dúinn imní a bheith orainn faoi. Mura gcuirtear i gcoinne na ‘Meiriceáinise’, a deir sé, cuirfidh sí an ruaig ar chineálacha eile Béarla faoi cheann 100 bliain.
Maíonn Matthew gur tháinig borradh faoi chultúr agus faoin ‘Meirieacáinis’ de réir mar a bhailigh an tír neart míleata, polaitiúil agus eacnamaíoch. Thosaigh tionscal Hollywood ag easpórtáil nósanna agus cora cainte Meiriceánacha sa chéad leath den 20ú haois, agus tá popchultúr na tíre i réim ar fud an domhain ó shin i leith. Anois tá an ‘Mheiriceáinis’ ar an ‘teanga’ is mealltaí agus is beoga amuigh toisc go samhlaítear leis an gcumhacht, saibhreas agus stádas atá bainte amach ag a tír í. Tá sí chomh huileláithreach sin go bhfuil an baol ann go gcuirfidh sí deireadh leis an gcanúint ónar shíolraigh sí, Béarla Shasana, canúint a thug eisimircigh Bhriotanacha anonn leo chuig an Oileán Úr den chéad uair san 17ú haois.
Tá eagla ar Matthew Engel nach féidir le Béarla Shasana, ná le Béarla na hÉireann, an fód a sheasamh i gcoinne na tuile Meiriceánaí a bhíonn á sú isteach againn gach lá, go minic i ngan fhios dúinn. Tá ár gcuid féin déanta againn de théarmaí agus de nathanna cainte Meiriceánacha sa chaoi is go ndéanaimid dearmad gurb as Meiriceá a tháinig siad ar dtús: is de bhunadh Meiriceánach iad ‘bogus’, ‘teenager’, ‘crank’, ‘self-made man’, ‘go for it’ agus ‘hold down (a job)’.
Ach an bhfuil sé ag dul thar fóir maidir le staid Bhéarla Shasana? An reacaire uafáis é, a bhfuil tubaiste á tuar aige don chanúint seo agus do leaganacha eile den Bhéarla nach bhfíorófar go deo? Nach mbíonn cráiteoirí ann i gcónaí a deir go bhfuil caighdeáin teanga, mhoráltachta agus sibhialtachta ar an dé deiridh? Sin a mheasann daoine áirithe, a chuireann i leith Matthew go ndéanann sé áibhéil ar thionchar na ‘Meiriceáinise’ agus nach bhfuil cúrsaí chomh dona is a mhaíonn sé. Inseoidh an aimsir cé acu an imeoidh nó nach n-imeoidh leaganacha réigiúnacha den Bhéarla in éag.
Seans go sárófar forlámhas na ‘Meiriceáinise’, áfach. Féach ar an mborradh spéise atá á chur i mBéarla na hÉireann le déanaí, agus ráchairt ar leabhair ar nós Motherfoclóir agus foclóirí ar an ‘Hiberno-English’, rud a léiríonn an gean atá ag muintir na tíre ar an gcineál Béarla a labhraítear anseo, cé nach léir go fóill an bhfillfidh daoine ar sheanleaganacha cainte nó an gcaomhnófar iad chun cur i gcoinne téarmaí Meiriceánacha.
Anuas air sin, n’fheadar cén fhad a mhairfidh réim pholaitiúil agus chultúrtha Mheiriceá. Is dócha nach mbeidh mórán iomaíochta ann mar shárchumhacht dhomhanda go ceann scór blianta nó mar sin, ach má leanann fás na hIndia ar aghaidh d’fhéadfadh a leagan siúd den Bhéarla dúshlán a thabhairt do réimeas na ‘Meiriceáinise’.
Áitíonn Matthew Engel nach duine frith-Mheiriceánach é, ní dóigh leis go bhfuil an locht ar na Meiriceánaigh féin as an tionchar atá á imirt ag a dteanga ar fud an domhain. Go deimhin, aithníonn sé gur chuir focail spleodracha chraicneacha na ‘Meiriceáinise’ go mór leis an mBéarla i gcaitheamh na mblianta.