Teanga na Féiniúlachta

eolas-alt


Cuireann sé bród orm nuair a smaoiním ar mo nasc leis an nGaeilge.

Cé nach raibh an Ghaeilge agam ón gcliabhán, spreagadh an grá don teanga ionam agus mé sna déaga tar éis dom tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Rinne mé mo chuid scolaíochta ar fad i scoileanna Béarla agus mar sin ba mhór an gheit a baineadh asam nuair a cuireadh i suíomh tumoideachais Ghaeilge mé nuair a thosaigh mé bunchéim sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Chaith mé tamall fada ag labhairt i nGaeilge bhriste agus ag cleachtadh scríbhneoireachta a bhí míchruinn agus go mór faoi thionchar an Bhéarla.

Bhí mé in éad le mic léinn a tháinig ó na ceantair Ghaeltachta, na daoine a bhí ar bharr na réime lena gcaint nádúrtha agus a bhfoghraíocht bhinn.

Ach le tacaíocht ó na léachtóirí sa Choláiste agus leis an misneach a fuaireas ó phiontaí go deireanach i gClub Chonradh na Gaeilge, ardaíodh mo mhuinín i leith na teanga.

Bhain an paisean agus an grá a bhí ag lucht an Chumainn Ghaelaigh sa Choláiste siar asam; daoine nár tógadh le Gaeilge ag labhairt na Gaeilge agus ag dul i mbun feachtais ar a son, ag eagrú imeachtaí sóisialta as Gaeilge, ag seoladh téacsanna i nGaeilge agus ag glacadh seilbhe ar an teanga.

Theastaigh uaim a bheith cosúil leo.

I mo bhliain dheireanach, ba mhór an onóir dom a bheith i mo Reachtaire ar an gCumann Gaelach agus an long a stiúradh leis na daoine a mhúscail an splanc chéanna ionam féin na blianta roimhe sin.

Rinne mise mo dhícheall an dúil sin a spreagadh i mic léinn óga an Choláiste.

Na chéad chéimeanna eile

Anois, iompraím an bród agus an paisean don Ghaeilge liom gach lá.

Is bunmhúinteoir mé i scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus is breá liom mo phost.

Is breá liom a bheith ag obair trí Ghaeilge agus a bheith i m’fhinné ar shealbhú Gaeilge na bpáistí.

Cé gur clísé é do roinnt daoine, níl aon rud níos deise ná páistí óga a chloisteáil ag labhairt go muiníneach i nGaeilge – uaireanta go rómhuiníneach!

De réir mar a mhéadaigh ar an spéis a bhí agam sa Ghaeilge, thosaigh mé ag úsáid an leagain Ghaeilge de m’ainm go neamhfhoirmiúil – ag síniú le haghaidh pacáistí poist, ag fáil cárta nua leabharlainne, fiú ag ordú bia Síneach ón take away áitiúil.

Agus an fear seachadta ag tógáil an airgid uaim (Éireannach é féin), cheistigh sé mé faoi mo náisiúntacht, ag ceapadh gurbh as an Meánoirthear dom.

Is cosúil nár chuala sé a leithéid de shloinne riamh roimhe sin.

teanga-freamh

D’athraigh mé m’ainm ar mo phas cúpla bliain ó shin, ó Jennifer Mahon go Jennifer Ní Mhathúna.

Cheistigh na daoine móra i mo shaol an cinneadh, mo thuismitheoirí, roinnt cairde:

“Nach gcruthóidh sé sin deacrachtaí duit sa todhchaí?”

“Cad faoi lucht slándála na n-aerfort eachtrannach? Seasfaidh tú amach dóibh le hainm neamhghnách, ní bheidh siad i dtaithí ar an nGaeilge a léamh nó a fheiceáil.”

An ndéarfá an rud céanna le Francach nó Gearmánach agus iad ag iarraidh a n-ainmneacha a úsáid? Tá sé aisteach fiú a leithéid de choincheap a thuiscint.

Theastaigh uaimse go mbeadh m’ainm i nGaeilge ar an bpas agus mhothaigh mé go raibh sé tábhachtach dom mar bhean Éireannach agus mar chainteoir Gaeilge go mbeadh sin amhlaidh.

Ar bhealach is ionann ainm agus féiniúlacht.

Nuair a chuirtear beirt in aithne dá chéile, tosaíonn an bheirt ag smaoineamh ar na daoine eile ar a n-aithne ag a bhfuil an sloinne céanna.

Déantar nasc idir na daoine seo, is baill iad den ‘chlub céanna’ ar bhealach.

Baineann sloinnte le ceantair áirithe sa tír, “Mac Cárthaigh? Is Corcaíoch é mar sin!”, “Ó Gallachóir? Is cinnte gur as Dún na nGall dó!” a chloistear go minic.

Tá ainmneacha fíorthábhachtach mar fhianaise agus mar thaifead ar an rian a fhágfaidh an duine sin ar an domhan.

Agus bhí sé tábhachtach domsa go samhlófaí mé mar Jennifer Ní Mhathúna in ionad Jennifer Mahon agus go mbeadh a fhios ag daoine go raibh cinneadh cinnte déanta agamsa an leagan Gaeilge den ainm a úsáid.

Is bua í an Ghaeilge i ngach gné de mo shaol

Mhothaigh mé i gcónaí fréamhaithe in Éirinn.

Chaith mé sealanna thar lear ach níor shocraigh mé in aon áit i ndáiríre, bhraith mé i gcónaí go raibh orm teacht abhaile agus bhí tionchar mór ag an nGaeilge ar an mothú sin.

D’airigh mé uaim an Ghaeilge agus an suaimhneas a thugann sí dom.

Leis an nGaeilge, mothaím go bhfuil áit agam agus go bhfuil coibhneas agam leis an mbaile, rud atá riachtanach le haghaidh saol sásta.

Cuireann an Ghaeilge le mo shaol, d’oscail sí doirse dom ó thaobh na hoibre de agus bhuail mé le dlúthchairde mar gheall uirthi.

Rugadh mé agus Jennifer Mahon a cuireadh ar mo theastas breithe.

Tugadh féiniúlacht dom leis an ainm sin – ballraíocht i dteaghlach agus gaol leis na glúine a tháinig romham.

Ach ag staid áirithe i mo shaol, theastaigh uaim féiniúlacht nua a chruthú dom féin, féiniúlacht nach raibh beartaithe ag mo thuismitheoirí dom ach féiniúlacht a bhí bunaithe ar mo mhianta agus ar mo chuid cinntí féin.

Bhí gliondar orm nuair a fuair mé an pas nua agus mhothaigh mé, ar bhealach, go raibh ré nua ag tosú ag an nóiméad sin domsa mar dhuine óg, ag cruthú saol nua di féin.

SCÉALTA EILE