Tionscnamh ‘nuálaíoch agus comhoibríoch’ a chothóidh ‘úsáid laethúil’ na Gaeilge seolta ag an bhForas agus RTÉ

Tá súil ag Marty Morrissey, Michael Fry, agus Marissa Carter, triúr a bhfuil an-aithne ag muintir na hÉireann orthu, níos mó Gaeilge a shníomh isteach ina saol laethúil mar chuid den fheachtas “nuálaíoch agus comhoibríoch” Creidim Ionat a sheol Foras na Gaeilge agus RTÉ inniu. 

Is iad na podchraoltóirí aitheanta Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn a bheith ag cabhrú leis an triúr ar a “n-aistear Gaeilge” agus spriocanna móra leagtha amach rompu do na seachtainí amach romhainn. 

Beidh Sinéad, a bhíonn le cloisteáil ar fheasacháin thráchta an AA, ag cabhrú le Marty slacht a chur ar a chuid cainte in am do dhuaiseanna peile Uile-Réalta CLG. Tá sé i gceist aige ceann de na duaiseanna sin a chur i láthair as Gaeilge. Áine, a chuireann an clár Bladhaire i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh ag cabhrú leis an bhfuirseoir Michael Fry agus é ag réiteach sceitse Gaeilge. Beidh Siún, comhordaitheoir digiteach Gaeilge RTÉ, ina meantóir ag Marissa Carter ó Carter Beauty agus í a ullmhú le ceardlann smididh beo ar an gclár Today ar RTÉ One. 

“Tá an-bhród ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht a bheith acu ó RTÉ agus ó chraoltóirí Beo Ar Éigean. Is ionann meanaithe Creidim Ionat, Michael agus Marissa, agus a lán againn a raibh Gaeilge líofa acu ag pointe éigin sa saol, ach atá ag iarraidh muinín a fháil ar ais, agus is ionann Marty agus daoine ar mhaith leo díreach roinnt Gaeilge a úsáid i saol an uile lae.

“Creidimid go rachaidh a gcuid spriocanna agus a n-aistear i bhfeidhm ar dhaoine agus sinn ag cur ar fáil na treorach agus na n-uirlisí chun cabhrú leo ar an mbealach,” a dúirt Anna Davitt, bainisteoir cumarsáide Fhoras na Gaeilge. 

Táthar ag iarraidh ar gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge sampla mhná Beo Ar Éigean a leanacht agus leathbhádóir a aimsiú agus sprioc teanga a shocrú. Is é an aidhm atá ag lucht an fheachtais ná go mbeidh cainteoirí Gaeilge ag déanamh teagmhála le duine dá lucht aitheantais agus cabhrú leo ar a “n-aistear Gaeilge”. 

“Is féidir le duine ar bith atá ag iarraidh dul i ngleic, nó dul ar ais i ngleic leis an nGaeilge, páirtí líofa a roghnú; bíodh sin trí na meáin shóisialta nó duine le duine, chun tosú ar a n-aistear leis an nGaeilge gach lá. D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt frásaí nua a úsáid, amhrán as Gaeilge a fhoghlaim, nó leabhar Gaeilge a léamh,’ a dúirt urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge agus an feachtas á sheoladh inniu. 

Tá iarrtha ag Foras na Gaeilge ar chainteoirí líofa Gaeilge iad féin a chur chun tosaigh mar “mheantóir” ar na meáin shóisialta chun tacú le “meantaí” sprioc teanga a bhaint amach. 

SCÉALTA EILE