Ba mhaith le Paula Melvin, a athcheapadh ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge ag cruinniú de chuid Choiste an Chonartha ag an deireadh seachtaine, go bhfiosrófaí na féidearthachtaí a bheadh ann scoileanna atá ag feidhmiú i mBéarla faoi láthair a thiontú ina scoileanna lánGhaeilge.
Dúirt Paula, a ceapadh ina Tánaiste ar an eagraíocht teanga den cheathrú bliain as a chéile Dé Sathairn, go raibh an-spéis aici san obair a rinneadh sa mBreatain Bheag le scoileanna a bhíodh ag feidhmiú i mBéarla a thiontú ina scoileanna lánBhreatnaise.
“Thug an tOllamh Pádraig Ó Duibhir caint millteanach spéisiúil ag seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Samhna anuraidh faoin méid a rinneadar sa Bhreatain Bheag leis an teanga theagaisc i roinnt scoileanna Béarla a athrú go Breatnais. Sin an rud is mó a bhfuil spéis agamsa ann faoi láthair, na féidearthachtaí sin a fhiosrú agus an cheist a phlé le hionadaithe ón mBreatain Bheag.
“Tá an Ghaelscolaíocht tábhachtach, agus ba cheart an oiread Gaelscoileanna nua agus is féidir a bhunú, ach tá slite eile ann an Ghaeilge a láidriú sa chóras oideachais agus tá spéis agam sa cheann seo. Bhí mé ag labhairt le duine atá ag obair ar son rialtas na Breataine Bige in Éirinn a bhfuil an-suim aici sa Bhreatnais faoi cheana féin agus tá súil agam go mbeidh toradh maith ar ár gcomhráite,” a dúirt sí le NÓS.
Bhí an chéad chruinniú digiteach riamh ag Coiste Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn, agus baill nuathofa an Choiste ag teacht le chéile ar an aip Zoom de bharr na srianta atá i bhfeidhm le cosc a chur ar scaipeadh an víris chorónaigh.
Toghtar 12 duine ó chraobhacha uilig an Chonartha ar Choiste Gnó an Chonartha. Anuas ar an dáréag sin, bíonn ionadaithe ó Dháil na Mumhan agus ó Chomhaltas Uladh ar an gCoiste Gnó freisin. Is iad baill an Choiste, in éineacht leis an Uachtarán, a thoghann an Tánaiste.
Meastar gurbh í Paula an bhean ab óige a ceapadh ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge nuair a ceapadh den chéad uair í in 2017. Tá sí ina Tánaiste ar an eagraíocht ó shin.
Tá sí ina bhall de Choiste na Gaeilge i gComhairle Chontae Fhine Gall agus ina cathaoirleach ar a craobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge — ‘Craobh Phobal 15’, ainm a thagraíonn do chód poist a ceantair dúchais Baile Átha Cliath 15. Oibríonn Paula le Coimisiún Fulbright na hÉireann agus í ina Clár-Bhainisteoir ann. Tá sí ar dhuine de stiúrthóirí an fheachtais #TrasnanadTonnta a seoladh ar maidin, freisin.
Bíonn sí ag plé le teagascóirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus dúirt go raibh sí sa tóir faoi láthair ar dhaoine a mbeadh spéis acu tabhairt faoin obair sin.
Dúirt Paula go bhfuil sí ag súil go mór leis an mbliain atá roimpi mar Thánaiste ar an gConradh agus go mbeidh sí ag obair ar na pleananna atá ann Ard-Fheis na heagraíochta a reáchtáil ina ceantar dúchais i gceann dhá bhliain. Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2022 á hóstáil ag Craobh Phobal 15.
Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge san ardchathair ar Melvin mar gheall ar an mbaint mhór atá aici le heagraíochtaí agus imeachtaí Gaeilge sa chathair.