Toscaireacht ó Choiste Gaeilge Thithe an Oireachtais ar cuairt ar Charn Tóchair inniu

Tá grúpa Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath ar cuairt ar Charn Tóchair i gcontae Dhoire inniu. 

Buailfidh polaiteoirí an Deiscirt leis an bpobal áitiúil i gCarn Tóchair, pobal a aithnítear mar cheann de na pobail is láidre ó thaobh na Gaeilge de sna Sé Chontae. Beidh cathaoirleach an choiste, an Teacht Dála de chuid Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, Leas-Cheann Comhairle Dháil Éireann Catherine Connolly, agus an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee i nDoire inniu le tuiscint a fháil ar “an obair fhiúntach atá á déanamh ag muintir Charn Tóchair” le blianta beaga anuas. 

“Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bpobal Gaelach seo le blianta beaga anuas. Beidh mé féin agus baill eile an choiste ag iarraidh foghlaim ó thaithí mhuintir Charn Tóchair agus ó thuras an phobail seo i gcaitheamh na mblianta. Tá suim againn na dúshláin a sháraigh an pobal seo agus na féidearthachtaí atá ann fós dó a chloisteáil,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh. 

Buailfidh an toscaireacht le hionadaithe ó Chumann Lúthchleas Gael Shleacht Néill; ceannairí pobail ón gCarn; agus le hionadaithe ó Thearmann Dúlra Droim nDamh le cúrsaí Gaeilge sa cheantar a phlé. 

“Beidh lá an-suimiúil againn, agus tá súil againn gur féidir linn foghlaim ó thaithí an phobail iontach seo agus a scéal a thabhairt ar ais linn go dtí an Comhchoiste agus an Tithe an Oireachtais,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.  

SCÉALTA EILE