“Tugtar stádas oifigiúil san AE don Bhascais, don Chatalóinis agus don Ghailísis” – rialtas na Spáinne

Tá sé iarrtha ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, ar an Aontas Eorpach stádas mar theangacha oifigiúla oibre sna hinstitiúidí Eorpacha a bhronnadh ar an Bhascais, ar an Chatalóinis agus ar an Ghailísis.

Rinneadh an t-éileamh inné i litir a seoladh chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus inar áitíodh gur cheart “na teangacha eile de chuid na Spáinne a bhfuil stádas oifigiúil acu sa Spáinn” a chur leis an liosta de theangacha oifigiúla an Aontais.

Faoi láthair tá 24 theanga oifigiúla ag an AE – an Ghaeilge ina measc – agus cé gur mórtheanga í an Chatalóinis mar shampla, níl stádas oifigiúil sa Bhruiséil aici ar an ábhar nach teanga náisiúnta stáit í.

Cluintear an Bhascais, an Chatalóinis agus an Ghailísis go minic faoi cheana i gCoiste Eorpach na Réigiún, an institiúid a thugann guth do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ar leibhéal an Aontais, ach ní féidir iad a úsáid i mór-institiúidí an AE, is iad sin an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle.

Dá mbronnfaí stádas oifigiúil ar theangacha na Catalóine, Thír na mBascach agus na Gailíse, chiallódh sé sin go mbunófaí ranna nua aistriúcháin do na teangacha sin in institiúidí an Aontais, go gcuirfí an reachtaíocht Eorpach ar fáil sna trí theanga agus go mbeadh saoránaigh in ann teacht ar ábhar agus ar sheirbhísí eile iontu chomh maith.

Chruthófaí cuid mhór poist nua do chainteoirí na dteangacha agus samhlaítear go dtreiseofaí a stádas sa bhaile fosta, rud a bheadh ina chuidiú i gcoinne an bhrú leanúnaigh ón Spáinnis.

Tháinig an t-iarratas ó rialtas na Spáinne aniar aduaidh ar go leor tráchtairí inné, go háirithe i bhfianaise sheasamh stairiúil Mhaidrid gan tuilleadh cumhachtaí a thabhairt do na teangacha dúchais eile sa stát.

I ndiaidh olltoghchán na míosa seo caite, áfach, olltoghchán nach raibh aon toradh deifnídeach air, tá leamhsháinn pholaitiúil sa Spáinn i láthair na huaire.

Dá mbeadh tacaíocht na bpáirtithe Catalónacha ag rialtas sóisialach Sánchez – go háirithe Junts, páirtí ag a bhfuil seacht bhfeisire sa pharlaimint i Maidrid agus a bhfuil a cheannaire, agus iar-Uachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont, ar deoraíocht sa Bhruiséil – bheadh seans aige rialtas nua a bhunú. Is chuige sin atá an t-éileamh ar stádas don Bhascais, don Chatalóinis agus don Ghailísis san Aontas Eorpach.

Ní fios go fóill cén freagra a bheidh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an iarratas ach meastar go bpléifear é ag an chéad chruinniú eile den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta i lár mhí Mheán Fómhair.

Go dtí seo is í Éire an t-aon Bhallstát a d’iarr ar an AE teanga nua a chur le liosta na dteangacha oifigiúla. Rinneadh an t-iarratas sin ar son na Gaeilge in 2007 agus baineadh amach stádas iomlán ag tús 2022. Tá suas le 200 duine ag obair trí mheán na Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha anois a bhuí leis an stádas, agus tá reachtaíocht agus seirbhísí eolais an AE ar fáil do phobal na Gaeilge dá réir.

Beidh pobal labhartha na Bascaise, na Catalóinise agus na Gailísise ag súil anois go mbeidh siadsan in ann leas a bhaint as na buntáistí céanna amach anseo.

SCÉALTA EILE