Léirítear i dtaighde go dtuilleann daoine a bhfuil dhá theanga ar a dtoil acu níos mó airgid ná mar a thuilleann cainteoirí aonteangacha. Rinne beirt eacnamaithe ó Ollscoil Guelph i gCeanada staidéar ar bhuntáistí eacnamaíocha an dátheangachais sa tír sin, agus fuair siad go mbíonn difríocht suas le 8% idir an tuarastal a bhíonn ag oibrithe dátheangacha le hais oibrithe aonteangacha.
Fuarthas sa staidéar go dtuilleann fir a bhfuil an Fhraincis agus an Béarla acu 7% níos mó ná mar a thuilleann aonteangaigh i gcúige Québec, agus 3.8% níos mó ná aonteangaigh sa gcuid eile de Cheanada. De réir an staidéir, tuilleann mná a bhfuil an dá theanga acu 8% níos mó ná mar a thuilleann cainteoirí aonteangacha in Québec, agus 6.6% níos mó ná aonteangaigh sa gcuid eile de Cheanada.
Deirtear sa staidéar go bhféadfadh sé go bhfuil an difríocht shuntasach seo ann mar gheall ar “luach ceart” a bheith ar an dátheangachas san ionad oibre, nó mar gheall gur féidir cumas duine i réimsí eile a mheas bunaithe ar a gcumas an dá theanga a labhairt go líofa.
Níor fiosraíodh i staidéir eile a rinneadh go dtí seo cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh an dá theanga san ionad oibre, ach ó bhí 2001 tuairiscítear i ndaonáireamh Cheanada cé na teangacha a úsáideann duine ó lá go lá san ionad oibre. Agus an staidéar seo á dhéanamh, baineadh úsáid as an eolas sin chomh maith leis an eolas a tugadh faoi chumas teanga go ginearálta sna daonáirimh a rinneadh ó shin le buntáistí an dátheangachais a mheas.
Baineann an staidéar seo go sonrach leis an dátheangachas, sa dá theanga oifigiúla, i gCeanada. Ní féidir, mar sin, glacadh leis na staitisticí seo i gcomhthéacs tíortha eile, nó go deimhin i gcomhthéacs teangacha eile taobh istigh de Cheanada féin.
Ta dhá theanga oifigiúla ann i gCeanada, an Béarla agus an Fhraincis, ach tugtar aitheantas áirithe do theangacha dúchais na tíre freisin, a labhraítí roimh theacht na nEorpach.