Tús áite do chainteoirí dúchais Sioux agus an vacsaín á dáileadh

Tabharfaidh an treibh bhundúchasach Íŋyaŋ Woslál Háŋ (Standing Rock Sioux) i Meiriceá tús áite do chainteoirí dúchais a dteangacha féin – an Dacóitis agus an Lacóitis, agus an vacsaín do Covid-19 á dáileadh acu.

De réir tuairisce de chuid Associated Press, dúirt Cathaoirleach na treibhe, Mike Faith, go bhfuiltear ag iarraidh ‘sean-nósanna’ agus na teangacha dúchais a choinneáil beo. 

“Is rud é is gá dúinn a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile: ár stair, ár gcultúr; ár dteanga. Níl sé againn i scríbhinn, insímid scéalta. Sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin,” a dúirt sé leis an stáisiún teilifíse KXMB-TV in Dakȟóta. 

Tá 300 cainteoir líofa Dacóitise agus Lacóitise, dhá theanga de chuid na Suach a bhfuil gaol gairid acu lena chéile, ina gcónaí in Íŋyaŋ Woslál Háŋ, ‘tearmann’ de chuid na bpobal bundúchasach atá lonnaithe i stáit North Dakota agus South Dakota. Tá thart ar 8,000 duine ina gcónaí sa tearmann. 

Dúirt Stiúrthóir Sláinte na treibhe, Margaret Gates, leis an AP gurb iad na cainteoirí dúchais “is luachmhaire” don treibh agus mar gheall ar an teanga atá ar a dtoil acu. 

Bhásaigh iarChathaoirleach na treibhe, Jesse Taken Alive, a bhí 65 bliain d’aois, de dheasca an víris chorónaigh an mhí seo caite – go gairid i ndiaidh dá bhean bás a fháil mar gheall ar an víreas céanna. Bhí sé ina chathaoirleach ó 1994 go 1997 agus i rialtas na treibhe ar feadh 24 bliain. Múinteoir Lacóitise a bhí ann a d’oibrigh go crua ar son a theanga dhúchais.

Tá an vacsaíniú tosaithe cheana féin d’oibrithe sláinte in ospidéal Fort Yates, ach tabharfar tús áite do na cainteoirí dúchais ón tseachtain seo amach. 

Tuairiscítear go bhfuil méadú 400% tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil an víreas corónach orthu i measc an phobail le cúpla mí anuas. Bhí 106 cás ann i mí Lúnasa agus 550 ann i mí na Samhna. Níl eolas ar fáil faoi mhí na Nollag go fóill. Tá an scéal chomh dona sin ar an tearmann go bhfuil an nuachtán áitiúil, The Teton Times, ag foilsiú suas le cúig leathanach de scéalta báis gach seachtain. 

Bhí ardú as cuimse ann i stát North Dakota trí chéile i mí na Samhna, ach níl South Dakota chomh dona céanna leis faoi láthair. 

SCÉALTA EILE