Is comhtharlúint shuimiúil é go bhfuil an reifreann ar thodhchaí na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach ag tarlú ar Oíche Fhéile Eoin, sean-fhéile dhaonna an dúlra a cheanglaíonn an Eoraip uilig (agus nach bhfuil aon eagras ina bun), a scríobhann Tomaí Ó Conghaile.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an chéad uair riamh ar thug mé cuairt ar Thír na mBascach.
Samhradh 2004 a bhí ann agus bhí mé díreach tar éis ceithre bliana ar ollscoil i mBaile Átha Cliath a chríochnú.
B’eispéireas tumoideachais ar go leor bealaí é an bhliain dheiridh úd i gColáiste na Tríonóide mar bhí an ollscoil i ndiaidh tús a chur le scéim chónaithe Ghaeilge agus bhí sé d’ádh orm, agus ar sheachtar eile, áit a fháil sa chéad teach Gaeilge sin ar champas.
Is dócha go raibh mé ag iarraidh síneadh a chur leis an timpeallacht ghalánta Ghaelach sin a bhí cruthaithe againn le 9 mí roimhe mar, ag deireadh an téarma, agus sular thug mé aghaidh ar an Eoraip, bheartaigh mé mí a chaitheamh i mbun teagaisc ar chúrsa samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill.
Mí iontach a bhí ann – lán spraoi, piontaí agus ranganna – a d’imigh go gasta, mar a d’imigh go leor roimhe agus ó shin, agus níorbh fhada go raibh mé ag pacáil mo chuid málaí le haghaidh an aistir a bhí romham.
21 Meitheamh an lá a d’fhág mé Anagaire, an áit a raibh mé ag obair, agus is cuimhin liom go maith an fuadar a bhí faoin cheantar – ní cionn is go raibh mise ag imeacht, ach cionn is go raibh féile ag teacht.
Ní raibh ach dhá lá le dul go hOíche Fhéile Eoin agus bhí cuid de mhuintir an bhaile ag bailiú brosna, adhmaid agus gach ábhar indóite eile faoi choinne na tine cnámh a bheadh acu ar an oíche.
Cé go raibh mé tar éis neart samhraí a chaitheamh i dTír Chonaill faoin am sin, ní fhaca mé riamh daoine ag ullmhú don fhéile roimhe agus is beag eolas a bhí agam ag an am ar an traidisiún ársa féin.
Ainneoin é bheith nasctha anois le hEoin Baiste, is féile í a shíolraíonn ó cheiliúradh tábhachtach aoibhinn réamh-Chríostaí ar ghrianstad an tsamhraidh agus a bhíonn á comóradh fós in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa le tinte cnámh, féastaí, béilí agus ragairne ginearálta.
B’amhlaidh a bhí tráth i ngach áit anseo in Éirinn fosta ach, cosúil leis an Ghaeilge féin, ní mhaireann an deasghnáth pobail seo ach i gceantair áirithe tuaithe anois, in iarthar agus in iardheisceart na tíre ach go háirithe, cé go bhfuil athbheochan á déanamh air i gceantair eile le tamall anuas chomh maith.
Iontas cuidsúlach
Ar scor ar bith, bhí go maith agus ní raibh go holc, cúpla lá i ndiaidh domh Gaeltacht na Rosann a fhágáil bhí mé ar eitleán os cionn an Atlantaigh Fhiáin (an bhfuil cóipcheart air sin anois?) ag déanamh mo bhealaigh go Tír na mBascach agus dhá mhí go leith lán taistil agus teagaisc.
Caithfidh sé gur thit mé i mo chodladh le linn an turais mar nuair a mhúscail mé bhí sé dorcha amuigh agus an píolóta réidh le tuirlingt i dtreo Bilbao.
D’amharc mé amach an fhuinneog le mo chéad spléachadh a fháil ar an dúiche úr aduain seo agus cad a bhí amach romham ach tírdhreach cnocach ceilte, é deargtha i gcrónachan na hoíche ag na scórtha, na céadta, tine chnámh a bhí ar lasadh ar gach mol agus mullach a raibh le feiceáil ar an talamh thíos fúm.
Radharc cumhachtach cuidsúlach a bhain an anáil díom agus a chuir tús draíochta le mo chéad tréimhse in Euskal Herria.
Smaoinigh air. Bhí mé i ndiaidh slán a fhágáil ag ceantar cósta ar oileán beag ar imeall na hEorpa agus mo chosa a leagan ar thír nua ar an mhór-roinn, le teanga agus cultúr iomlán éagsúil, agus bhí an nós ársa ceannann céanna á chleachtadh sa dá áit, 1,400km óna chéile.
Mhothaigh mé go raibh mé i ndiaidh páirt a ghlacadh in aistear spioradálta éigin nó teacht de thimpiste fiú ar cheangal diamhair caillte idir dhá thír agus dhá phobal.
Ní gá a rá go raibh dáimh láithreach agam leis an áit.
Ach ar ndóigh ní ceangal diamhair a bhí ann ar chor ar bith ach léiriú beo ar an nasc ársa buan atá againne in Éirinn, agus sna hoileáin Atlantacha trí chéile, leis an chuid eile den Eoraip, agus go fírinneach leis an domhan mór ar fad.
Comhtharlúint thráthúil
Is tráthúil mar sin go mbeidh Oíche Fhéile Eoin, sean-fhéile dhaonna an dúlra a cheanglaíonn an Eoraip uilig, á céiliúradh ar an lá céanna a rachaidh muintir na 6 Chontae, na hAlban, na Breataine Bige agus Shasana i mbun vótála ar thodhchaí na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach.
Tá cúr agus cúiteamh go leor déanta le míonna beaga anuas idir an dá thaobh den fheachtas agus is é an rud is suntasaí, fiú don bhreathnóir fánach, ná a chúinge agus a bhí an díospóireacht ar an iomlán, gach cúis dhlisteanach imní faoin AE báite ag argóintí gránna ciníocha agus scéalta uafáis faoin todhchaí.
Ach cibé bealach a vótálann an Ríocht Aontaithe amárach, is fiú a chuimhniú nach iad na húdaráis, na rialtais ná eagraíochtaí trasnáisiúnta maorlathais a chruthaíonn na fíorcheangail idir muintir na hEorpa, ná idir dreamanna ar bith ar domhan, ach muid féin.
Níl aon chead anuas de dhíth chun aithne a chur ar ár gcomhdhaoine daonna, ná chun sult a bhaint as éagsúlacht chultúir na cruinne ná chun dlúthpháirtíocht a léiriú le daoine eile in am an ghátair.
Na mílte bliain sular smaoiníodh fiú ar mhóreagras polaitiúil a bhunú sa mhór-roinn seo bhí na daoine a chónaigh anseo ag roinnt cultúir, eolais, coincheap, deasghnáth, deochanna, bia agus an iliomad rudaí eile.
Sin mar a bhí, sin mar atá agus sin mar a bheas go deo.
Is muid féin, trínár ngníomhartha agus ár gcuspóirí, a chruthaigh na ceangail eadrainn, a chothaíonn na ceangail eadrainn agus a chuirfidh leis na ceangail eadrainn.
Mar sin chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár ndúchas saibhir atá á roinnt againn ar fad agus chun nasc beag comhaimseartha amháin a dhéanamh lenár gcomhEorpaigh, gabh amach san oíche amárach agus las tine na ndaoine.
Beidh daoine ón Ibéir go dtí na tíortha Lochlannacha, agus gach áit eatarthu, ag déanamh amhlaidh, beag beann ar reachtaíocht ná ar reifreann.