Tógaigí amach na cíocha!

Agus muid ag ceiliúradh Sheachtain Dhomhanda Chothú Cíche, labhair NÓS leis an amhránaí clúiteach agus máthair Noriana Kennedy, atá ag iarraidh ar mháithreacha ar fud na tíre a bheith ag cothú cíche go poiblí.


Tá sé deacair a chreidiúint in Éirinn sa bhliain 2015 go mbeadh ar mháthair dul isteach sna leithris phoiblí agus í ag tabhairt na cíche dá leanbh.

Ach sin díreach atá ag tarlú i gcás an amhránaithe chlúitigh Noriana Kennedy, mar a mhínigh sí do NÓS.

“Thug mé aghaidh ar leithris phoiblí roinnt uaireanta agus mé ag cothú an linbh mar gur bhraith mé go raibh daoine ag breathnú orm go doicheallach nó go raibh siad míchompordach, go háirithe agus mo mhac os cionn bliana d’aois anois,” arsa Noriana, atá ag cur fúithi in Áth Cinn na Gaillimhe.

Is iad máithreacha an lae inniu, dar le hamhránaí The Whileways, a laghdóidh an stiogma a bhaineann le cothú cíche agus a chuideoidh chun an cleachtas nádúrtha seo a normalú sa tsochaí.

“An oiread is mó ban a bhíonn ag cothú cíche go poiblí is amhlaidh is fearr é,” arsa sí.

Noriana twilight

Léirigh an staidéar náisiúnta is déanaí ‘Growing up in Ireland’ go bhfuil an ráta is ísle de mháithreacha a théann le beathú cíche in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip, agus is mar sin a bhí le fada an lá.

Is lú fós na figiúirí a bhaineann le mná a leanann orthu leis an chothú cíche tar éis don leanbh sé mhí a bhaint amach.

Tá cúiseanna go leor leis seo, ina measc náire, aineolas, obair agus cultúr.

30 bliain ó shin ní raibh an tacaíocht chéanna ann do mháithreacha a bhí ag iarraidh a leanaí a chothú leis an chíoch.

Aithníodh an bhearna seo sa chóras sláinte agus tá níos mó cuidithe ar fáil anois do mhná i dtaobh an chothaithe de ná mar a bhí riamh, trí eagraíochtaí amhail ‘Cuidiú’ agus ‘Sure Start’.

Faoi láthair, bíonn blaiseadh de bhainne cíche ag leath de na leanaí a thagann ar an saol in Éirinn sa chéad seachtain, feabhas suntasach ó scór bliain ó shin.

“In aimsir ár dtuismitheoirí creideadh go raibh neamhghlaineacht ag baint le beathú cíche nó go raibh sé míshláintiúil ar bhealach, agus tá iarsmaí de sin le brath go fóill,” arsa Noriana.

Molann an Roinn Sláinte agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte cothú cíche amháin don chéad sé mhí den leanbh a bheith beo, tréimhse ina gcuireann bainne cíche an cothú ar fad a bhíonn ag teastáil ó leanbh ar fáil dóibh.

Ina diaidh sin, moltar meascán de bhia ilchothaitheach a thabhairt don leanbh, chomh maith le bainne cíche go dtí go sroicheann an leanbh dhá bhliain d’aois nó níos sine, nuair a imíonn an páiste uaidh go nádúrtha de ghnáth.

Ar cheann de na deacrachtaí is mó in Éirinn dar le Noriana ná go bhfuil “cultúr láidir chothú buidéil ann” agus go leor margaíochta á déanamh chun “brú” á chur ar mháithreacha gabháil leis an bhuidéal.

B’aisteach do Noriana gur luadh léi ag coinne dochtúra ar na mallaibh bainne foirmle a thabhairt dá leanbh cé go bhfuil sí ag á chothú go fóill le bainne cíche agus é i réimse meáchan sláintiúil do pháiste a aoise.

“Páirt mhór den chultúr is ea é cothú buidéil, tá sé fréamhaithe go domhan sa tsícé,” arsa sí.

“Má smaoiníonn tú faoi, tá bainne cíche forbartha thar na cianta; tá an méid ceart próitéine, carbaihiodráite, vitimíní, mianraí agus rudaí eile ann nach dtiocfadh le bainne a cruthaíodh i lab éigin le 30 bliain anuas a bheith ar aon chaighdeán leis, ná gar dó.”

“Dé réir mar a théann an leanbh in aois, athraíonn an bainne agus cuireann sé cothú éagsúil ar fáil don pháiste atá ag teacht leis na rudaí atá teastáil ag an staid áirithe sin i saol an pháiste.”


Beidh albam nua ‘Saltwater Kisses’ á sheoladh ag ‘The Whileaways’ an mhí seo.

Tugaigí cluas don ghrúpa (Noriana, Nicola Joyce & Noelie McDonnell) ag ceol ‘Dear my maker’.

SCÉALTA EILE