Tweety Pie & reifreann na Catalóine

Tá súile phóilíní na Spáinne ar an éinín!


Cé go bhfuil méadú ag teacht i rith an ama ar an teannas polaitiúil sa Chatalóin agus an reifreann ar neamhspleáchas ag teannadh linn, is léir go bhfuil spás ann go fóill don ghreann i measc mhuintir na tíre.

Tá údaráis na Spáinne ag tabhairt na mílte póilíní breise isteach chuig an Chatalóin faoi láthair agus tá trí bhád farantóireachta anois ar múráil in Barcelona agus Tarragona chun lóistín agus cóiríocht a chur ar fáil dóibh.

Go mífhortúnach do na péas, áfach, tá íomhánna ollmhóra de charachtair de chuid na Looney Tunes – Wile E Coyote, Tweety Pie agus Daffy Duck – péinteáilte ar cheann dá longa móra:

Spreag na cartúin seo ar bhád na bpéas neart aischothaithe ar na meáin shóisialta agus tá an iliomad jócanna anois cumtha faoin tarlúint ghreannmhar.

Cuireadh casadh sa scéal inné, áfach, nuair a tháinig sé chun cinn go ndearna na Spáinnigh iarracht na carachtair chartúin a chur i bhfolach agus a chlúdach le canbhás mór glas:

B’ábhar nua grinn é seo ar ndóigh do sciar suntasach de phobal na Catalóine agus aréir bhí an haischlib #FreePiolin (is é Piolín an focal Spáinnise ar Tweety Pie) ag treochtú ar feadh tamaill sa tír.

Mar aon le rabharta eile jócanna, tá grúpa a oibríonn ar son an reifrinn ar neamhspleáchas, Crida per la Democràcia (Gairm Dhaonlathais) tar éis leagan malartach dá lógó a fhoilsiú a léiríonn an t-éan beag agus gobán ar a bhéal:

Tá gluaiseacht an neamhspleáchais ag rá nach n-éireoidh leis na hiarrachtaí atá ar bun iad féin – agus a sonóg nua – a chur ina dtost.

Ach bí cinnte nach é cás Tweety Pie agus a chairde an cor is deireanaí i scéal leanúnach seo an reifrinn.

SCÉALTA EILE