In Éirinn, is furasta clú na leisciúlachta a tharraingt ort féin as a bheith i do shuà thart ag déanamh faic.
Nà tréith mhaith à in Éirinn, b’fhéidir.
Ach ná caill misneach, mar is féidir aistriú go prÃomhchathair na Cóiré Theas, Seoul, áit a dtugtar aitheantas don fhalsacht.
Ag an deireadh seachtaine dÃreach caite, tháinig móruaisle na dÃmhaoine le chéile i bPáirc Ichon Hanan i gcathair Seoul le bheith páirteach i gcomórtas aisteach ina gcuirtear dúshlán roimh iomaitheoirà tada a dhéanamh.
I mbliana chuir breis agus 2000 iarrthóir isteach air agus roghnaÃodh 70 duine le dul in iomaÃocht lena chéile.
NÃl cead ag iomaitheoirà úsáid a bhaint as teicneolaÃocht.
NÃl cead acu gáire a dhéanamh ná titim ina gcodladh, ach ligtear dóibh an tart a shásamh le deoch uisce agus dul chuig an leithreas nuair is gá.
Déantar an cuisle croà a mheas gach 15 bhomaite agus is ag an duine leis an ráta croà is socra le linn an chomórtais a bhÃonn an bua.
Is rapaire as cathair Seoul, a dtugtar Crush air, an buaiteoir i mbliana.
Tá sé aitheanta anois mar an fear is fearr i mbun faic a dhéanamh.
Is é an t-ealaÃontóir WoopsYang a d’fhorbair an coincheap don chomórtas seo le haird a dhÃriú ar an ráta ard féinbháis agus struis i measc mhuintir na Cóiré Theas.
Anuraidh reáchtáladh an chéad chomórtas taobh amuigh den tÃr, i mBéising na SÃne, agus sÃleann muidne anseo in oifigà NÓS go bhfuil sé in am an comórtas a thabhairt chomh fada le hÉirinn anois!