Veisteanna toirchis


Má tá réimse polaitíochta na tíre seo faoi smacht na bhfear, tá an scéal níos measa arís sa tSeapáin.

Seachas Renhō Murata, ceannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh a toghadh le déanaí, agus Gobharnóir Thóiceo, Yuriko Koike, is beag bean a théann leis an pholaitíocht sa tSeapáin.

Le dul i ngleic leis an fhadhb, tá triúr gobharnóirí as Oirthear na Seapáine tar éis físeán a dhéanamh díobh féin ag caitheamh veisteanna toirchis chun aird a dhíriú ar chás na mban.

Print

Is é an sprioc atá leis an fheachtas feasacht a ardú i dtaobh cothromaíocht oibre is saoil do theaghlaigh.

San fhíseán, taispeántar an triúr gobharnóirí ag tabhairt faoi ghnáthimeachtaí an tsaoil – ag siopadóireacht, ag streachailt le stocaí a chur ar an dá chos – agus veisteanna orthu atá ar chruth corp mná sa tríú ráithe toirchis.

Tá glactha go maith leis an fhíseán sa tSeapáin agus tá sé scaipthe go mear ar fud an domhain le roinnt laethanta anuas.

Chomh maith le gáire a bhaint as daoine, táthar ag súil go mbeidh an físeán ina spreagadh ag fir cuidiú níos mó le hobair an tí agus eile nuair atá mná ag iompar clainne.

Anois, ba bhreá linn Enda a fheiceáil i gceann de na veisteanna seo!

SCÉALTA EILE