Bliain ar leith a bhí in 2020 inar cuireadh srian ar na gnáthbhealaí a dtagann daoine le chéile le bheith ag seinm, ag canadh agus ag éisteacht le ceol.

Níor chuir sé sin isteach ar an gcumadóireacht, áfach, agus is mian le Gradaim NÓS aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach a d’imir amhránaithe, bannaí, léiritheoirí agus lucht eagraithe imeachtaí Gaeilge le 12 mhí anuas.

Tá tréimhse na moltaí istigh agus foilseofar an gearrliosta anseo go luath!