Is duaiseanna iad Gradaim NÓS an thugann aitheantas do na bannaí, do na hamhránaithe agus do na ceoltóirí iontacha a bhíonn ag cumadh agus ag canadh inár dteanga féin.
Tá an ceol ina dhlúthchuid de chultúr na Gaeilge agus is mian le NÓS ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine a chuireann leis an ngné ríthábhachtach seo de shaol na teanga.
Bronnfar Gradaim NÓS 2025 ag ócáid speisialta san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste Dé hAoine 21 Feabhra.
Is féidir do chuid moltaí le haghaidh na 9 rannóg a sheoladh chugainn anseo faoin 3 Eanáir 2025.
Is in 2015 a cuireadh tús leis na Gradaim agus anseo thíos is féidir teacht ar na gearrliostaí agus ar na buaiteoirí éagsúla a bhí ann go dtí seo: