An Queercal Comhrá, Outhouse, 105 Sr Chéipil, Déardaoin, 19 Aibreán @18:00

Tá ciorcal comhrá nua seachtainiúil do dhaoine aiteacha/aeracha bunaithe i mBaile Átha Cliath agus beidh an chéad teacht le chéile ar siúl anocht! An Queercal Comhrá atá mar theideal ar an ngrúpa. Is éard atá mar aidhm acu ná grúpa do dhaoine aiteacha/aeracha a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a chruthú, ina mbraithfidh daoine sábháilte agus ar a gcompord ann. Ná bí ró-bhuartha faoi chaighdeán do chuid Gaeilge, úsáidfear méid áirithe Béarla más gá, le cabhrú le sruth na cainte! Is ar Shráid Chéipil a bheidh ócáid an tráthnóna ar bun sa chaifé Outhouse, idir 18:00-20:00. Go n-éirí go geal leis an togra nua! Más spéis leat tuilleadh eolais, bí i dteagmháil ar ríomhphost le riarthóir an ghrúpa anqueercalcomhra@gmail.com

Léacht le Michael Gibbons, Ionad Marsh, an Spidéal, Dé Sathairn, 21 Aibreán @ 15:00

Báid Cloch, Bóithre Fomhuirí agus Ambargaraís’ teideal na cainte a thabharfaidh an seandálaí Michael Gibbons, sa Spidéal ar an Satharn. Le linn a léachta beidh tagairt ag Michael dá chuid taighde, a dhein sé agus é i gConamara. Tá an ócáid seo á heagrú ag an ngrúpa Cúl an Tí, eagraíocht neamhbhrabúis a dhéanann iarracht na hamharc-ealaíona comhaimseartha a chur chun cinn i gceantar Chois Fharraige. Is in Ionad Marsh, taobh thiar de Cheardlann an Spidéil a bheidh sé le clos, óna trí a chlog! 

IMLÉ agus ÁRCHÚ, Tábhairne an Cobblestone, Margadh na Feirme, Dé Sathairn, 21 Aibreán @ 20:00

Táim ag súil go mór le hoíche Shathairn a chaitheamh i gcomhluadar ceoltóirí breátha i gceann de na tithe tábhairne is deise liom i mBaile Átha Cliath. Is é sin tábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme, áit a mbeidh na bannaí ceoil IMLÉ agus ÁRCHÚ ag seinm. Níor chuala cheana Árchú i mbun an cheoil, agus dá bharr táim ag tnúth go mór leis an mbanna iar-rac leictreafhuaime seo a chlos den gcéad uair! Gan dabht tá cur amach ag cuid mhaith againn ar cheol ilghnéitheach IMLÉ; deirtear liom go mbeidh an ceoltóir Emma Ní Fhíoruisce ar stáitse ina dteannta an deireadh seachtaine seo. Milis. Féasta ceoil geallta más ea! 

Declan O’Rourke agus Doimnic Mac Giolla Bhríde, Craic Theatre, Tír Eoghain, Dé Sathairn, 21 Aibreán @ 20:00

Is é Doimnic Mac Giolla Bhríde a bheidh ina aoi speisialta ag coirm Declan O’Rourke an deireadh seachtaine seo. Beidh an bheirt cheoltóirí ildánacha ag soláthar na siamsaíochta ag ócáid tiomsaithe airgid do Chlub Iománaíochta Naomh Colum Cille, i dTír Eoghain. Is san amharclann Craic a bheidh an ócáid seo ar bun. Go n-éirí leo beirt, agus súil agam go n-éireoidh leo scata airgid a bhailiú chomh maith!

Siansa Ghael Linn, an Ceoláras Náisiúnta (& beo ar RTÉ RnaG), Dé Domhnaigh, 22 Aibreán @ 19:30

Beidh ceol breá binn le clos ón gCeoláras Náisiúnta i gcaitheamh an lae agus istoíche Dé Domhnaigh seo chugainn. Sea, tá an t-am seo bliana buailte linn agus craobhchomórtas Shiansa Gael Linn ar leic an dorais. Ocht ngrúpa ó chontaetha éagsúla na tíre atá tar éis an chraobh a bhaint amach, agus tabharfaidh siad ar fad aghaidh ar an stáitse lena gcuid tallainne a thaispeáint don slua agus do mholtóirí an chomórtais an deireadh seachtaine seo. Sin iad na ceoltóirí ildánacha Muireann Nic Amhlaoibh, Declan Masterson agus Oisín Mac Diarmada. Is fúthu a bheidh sé na buaiteoirí a roghnú, agus duaischiste dar luach €4,500 le roinnt eatarthu; iad siúd a thiocfaidh sa chéad, dara agus tríú háit. Is í Áine Hensey a bheidh mar bhean an tí arís i mbliana agus is féidir í a fheiscint á chur i láthair beo ach ticéad a cheannach (nch.ie); nó éisteacht léi nuair a chraolfar an choirm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó 19:30.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *