Tá ainmniúcháin go leor faighte ag lucht na meán Gaeilge do Ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach. Fógrófar na buaiteoirí le linn na féile a bheidh á reáchtáil ar líne idir an 7 – 9 Meán Fómhair.
Tá dhá stáisiún raidió Gaeilge san iomaíocht lena chéile don ghradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ — is iad sin RTÉ Raidió na Gaeltachta agus stáisiúin pobail Bhaile Átha Cliath, Raidió na Life.
Deich n-ainmniúchán ar fad atá faighte ag saothair de chuid TG4. Ainmníodh an tsraith Ceangal, a craoladh ar ardáin BLOC ar dtús, sa rannóg do shaothair ghearra; tá an clár beathaisnéise Liam O’Flynn – Píobaire ainmnithe sa rannóg ‘Ealaíona’; tá Laochra Gael san iomaíocht sa rannóg ‘Faisnéis Spóirt’; ainmníodh Ciara Ní É – Saol trí Ghaeilge sa rannóg do chláir aonair faisnéise agus Treibh na nDéithe sa rannóg do chláir fhada faisnéise, tá na sraitheanna An Bhoirinn agus Is Eolaí Mé ainmnithe sna rannóga do sraitheanna faisnéise agus do chláir do pháistí faoi seach; agus tá Slí na mBeaglaoich sa rannóg do chláir shiamsaíochta.
Tá Treibh na nDéithe ainmnithe don ghradam speisialta ‘Spiorad na Féile’. Roimhe seo, ba iad moltóirí idirnáisiúnta a bhronnfadh Spiorad na Féile ó liosta na n-ainmniúchán, ach den chéad uair i mbliana, ba iad giúiréithe Náisiúnta a d’ainmnigh a rogha féin don ghradam.
Ó thaobh an raidió de, tá dhá ainmniúchán faighte ag cláir na Sé Chontae – Blas – Ón Taobhlíne agus Blas Ceoil leis an láithreoir Caoimhe Ní Chathail. Tá an dráma raidió le Darach Mac Con Iomaire, Leaba an Bháis, ainmnithe sa rannóg don drámaíocht, agus tá Bladhaire Áine Ní Bhreisleáin san iomaíocht do chlár irise na bliana, gradam a bhuaigh an clár cheana. Tá an clár faisnéise a rinne Dónall Mac Ruairí, Ár bPéire, ainmnithe freisin.
Is é Raidió na Life an t-aon stáisiún pobail atá san iomaíocht do ghradam ‘Stáisiún na Bliana’ i mbliana.