Beidh na Wwoofairí iomráiteacha Mairéad Ní Chuaig agus Gavin Ó Fearraigh ar ais linn ar TG4, anocht ag a 10in, don tsraith nua, Wwoofáil OZ.
Lán eachtraíochta agus scléipe, tabharfaidh spéirbhean TG4 agus a comrádaí taistil faoi thuras bóthair ar fud na hAstráile sa tsraith 6 chuid seo.
Tá seal caite ag na wwoofairí cheana féin ag obair ar fheirmeacha éagsúla in Éirinn, san Eoraip agus i gCalifornia, ach anois faigheann siad blaiseadh de thimpeallacht éagsúil na hAstráile.
Nuair nach bhfuil siad ag tabhairt aire do chóálaí tinne nó scata mór oisrí, is i mbun eachtraí eile ar tír agus ar muir a bhíonn siad.
Anois go bhfuil Mairéad tagtha slán ó bheith ag snorcláil in uiscí le siorcanna, óna seal in ardbhaile an channabais, Nimbin, agus óna cuairt go ‘Naked Radio’, stáisiún raidió a mbíonn an uile dhuine – idir chraoltóirí agus chuairteoirí – nocht ann, tá banríon na Wwoofála linn le hinsint dúinn faoi na hiontais atá le feiceáil san Astráil álainn!
1) Ainmhithe fiáine
Tá éagsúlacht dhochreidte sna hainmhithe fiáine dúchasacha atá ar fáil san Astráil. Idir cóálaí, valbaithe, cangarúnna, siorcanna, éanacha, tá an oiread ann, beag agus mór, a chuirfeadh ionadh agus sásamh ort.
Tír speisialta ar fad ó thaobh dathanna, ainmhithe agus nádúir de.
2) Tránna áille
Tá sé deacair saol na trá san Astráil a bhualadh! Chaith muid go leor ama ar fheirmeacha lár tíre agus ba dheas linn snámh a bheith againn san fharraige ar maidin nuair a bhí an deis ann. Samhlaigh uisce úr glas gorm na farraige, agus tránna móra millteacha, gan mórán daoine orthu agus iad an-ghlan go deo.
Ná dearmadaigí gur gá a bheith an-chúramach faoi na siorcanna agus an ghrian! Cuir ort an t-uachtar le SPF!
3) Fíon blasta
Is breá liom fíon agus tá clú agus cáil ar fhíon na hAstráile, go háirithe fíon a dhéantar in Bourassa Valley. D’fhéadfá cuairt a thabhairt ar na fíonghoirt áille agus foghlaim faoin mbealach a dhéantar an fíon ann. Níl sé ródhaor ach an oiread! Tá an costas maireachtála féin an-daor ach níl an fíon!
Bhí mé ar mo sháimhín só!
4) Bia agus caife!
Ní fhéadfá gan bia na hAstráile a lua. Na torthaí – lítsíonna, mangónna agus gach saghas glasra. Rud iontach faoin Astráil ná go mbíonn BBQs chuile áit. Is féidir leat tarraingt isteach ar thaobh an bhóthair agus BBQ a bheith agat.
Ta béim mhór ar bhricfeasta agus gourmet brunch ann chomh maith, agus iad chomh blasta sin! Ní raibh a fhios agam cé chomh láidir is atá an cultúr caife ann ach an oiread.
Go cinnte, an caife is deise a bhí agam riamh, seachas caife san Iodáil b’fhéidir!
Flat white, le do thoil!
5) Fiántas agus craic sna daoine
Thaitin na hAstrálaigh go mór liom. Táthar craiceáilte agus tá giúmar acu a thagann leis an gcineál dearcaidh agus craice atá ionainne.
Ar a mhalairt de na Meiriceánaigh, tá na hAstrálaigh an-díreach. Deir siad amach é mar atá sé gan stró ar bith.
Casadh an oiread sin carachtar orainn. Is breá leo cúpla deoch; is breá leo an chraic agus an chóisireacht!
Beidh na hiontais seo agus tuilleadh le feiceáil in WWOOFÁIL OZ anocht ag 10 ar TG4. Tiúnálaigí isteach!