Tá cailín ceolmhar Chonamara, Edel Ní Churraoin, ar dhuine de na réaltaí óga atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana! Craoltóir aitheanta Raidió Fáilte í Edel, a bhíonn ag obair ar chláir theilifíse Gaeilge chomh maith.
Labhair sí linn faoi scoth an cheoil sa chathair cois cuain, faoi bheith ar safari le huscaithe agus faoi bhanlaoch na hÉireann, Gráinne Mhaol, “bean nár lig d’aon rud stop a cur léi”.
1. Cárb as duit?
Indreabhán, Cois Fharraige, Conamara.
2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Mo mhuintir agus cairde. Cultúr gaelach na háite. An fharraige.
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Chaith mé seachtain sa Laplainn i mí Eanáir. Faraor, ní raibh Daidí na Nollag thart; bhí sé imithe ar laethanta saoire.
Ach bhí deis agam dul ar safari le huscaithe agus fianna rua, turas a dhéanamh ar mhótar sneachta, na Gealáin Thuaidh a fheiceáil agus neart eile.
4. Trí rud a thaitníonn leat faoi Bhéal Feirste?
Daoine, go háirithe Gaeil Bhéal Feirste, na múrphictiúir agus an ceol – níl móran áiteacha níos fearr ó thaobh an cheoil de.
Bíonn seisiúin den scoth ar fud na cathrach, go háirithe i dtithe tábhairne ar nós Maddens agus an Sunflower.
5. Cad é an rud i do vardrús is minice a chaitheann tú?
Léine ildathach a bhíodh ag mo mháthair agus í níos óige. Níl fhios agam an dtuigeann sí gur an ceann céanna atá i gceist!
6. Céard é an buaicphointe i bhféilire na bliana?
Oireachtas na Gaeilge nó Féile na Mí.
7. Fíon nó beoir?
Pionta beorach. Ní bean mhór fíona mé!
8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do réalta óg sna meáin?
Seans maith go mbeadh mé i mo mhúinteoir bunscoile. Sin a bhí idir lámha agam sular thosaigh mé ag obair sna meáin.
9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
A bheith ar Hill 16 ar an lá a bhuaigh foireann peile na Gaillimhe cluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Chontae na Mí thiar in 2001.
An chuimhne is mó atá agam ón lá sin ná cic pionóis a bhí ag Contae na Mí. Bhí sé deacair orm féin agus ar mo chara an imirt a fheiceáil.
D’ardaigh daoine taobh linn go hard san aer muid agus nuair a cuireadh an cic ar fóraoil, caitheadh thart san aer muid agus iad ag ceiliúradh. Ba é an t-aon uair i mo shaol é (go dtí seo) go raibh mé ag sluashurfáil! (Gáire)
10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair a raibh dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Oíche cheoil agus damhsa, cúpla deoch agus neart cainte.
11. Ceolchoirm nó seisiún?
Seisiún.
12. An bhfuil mana spreagúil agat?
Ná habair é, déan é.
13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?
Mark Ruffalo. Is breá liom na scannáin ‘Spotlight’ agus ‘The Normal Heart’ go háirithe.
14. An bhfuil pearsa ar bith sa stair atá dulta i bhfeidhm ort?
Neart acu! Tá go leor laochra staire againn in Éirinn. Thaitin scéal Ghráinne Ní Mháille, nó Gráinne Mhaol, liom i gcónaí – bean nár lig d’aon rud stop a chur léi.
15. Cé hé/hí an ceoltóir is fearr leat?
Athraíonn sé ó lá go lá, ach faoi láthair is breá liom Joni Mitchell.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cleachtadh maith agam air sin agus mé san ollscoil! Ticéad bus le dul abhaile ach tá carr agam anois, mar sin 20 euro díosail a chur sa gcarr.
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
Cúba.
18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?
Bhí mé in Albain le ‘Las’, banna ceoil a bhfuil mé páirteach ann, cúpla seachtain ó shin agus bhí sé iontach a bheith ar an ardán ag an Dunkeld Fiddle Festival leo.
É sin ráite, tá sé deacair an Cabaret Craiceáilte a bhualadh. Ag súil go mór le bheith ar ais ann le Diane Ní Chanainn ag deireadh na míosa seo!
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Go leor acu!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Post a fháil ag obair le Raidió Fáilte. É sin nó IFTA a bhuachaint le Fleadh TV anuraidh – sár-oíche le daoine breátha!
Tá na línte vótála do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais oscailte anois agus beidh deis ann vótaí a chaitheamh do na réaltaí óga suas go dtí meán lae, Déardaoin, an 12ú Bealtaine, 2016.
Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann, agus chuig 60999 ó Thuaisceart Éireann agus ón Bhreatain. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
STIOFÁN Ó FEARAIL téacsáil GRADAM101
SINÉAD NÍ UALLACHÁIN téacsáil GRADAM102
FIONA NÍ FHLAITHEARTA téacsáil GRADAM103
LISA MADDEN téacsáil GRADAM104
MÍCHEÁL Ó CIARAIDH téacsáil GRADAM105
EDEL NÍ CHURRAOIN téacsáil GRADAM106