60 Soicind le…

Is í cailín Lú, Lisa Madden, atá i gcathaoir na 60 soicind an tseachtain seo, agus í ainmnithe ar ghearrliosta Réalta Óg na nGradam Cumarsáide! Craoltóir agus taighdeoir raidió óg í Lisa a tháinig chun cinn sna meáin mar chraoltóir ar chlár na maidine ar Raidió na Life, ‘An Bricfeasta Blasta’.

Labhair Lisa linn faoi cheolchoirmeacha Bell X1 (is leantóir mór í!), an Chearc Ghlas i mBÁC agus Méabh, Banríon Chonnachta, a thugann spreagadh di!


1) Cárb as duit?

Mainistir Bhuithe i gContae Lú.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

Tá sé ciúin, tá neart spáis ann agus tá cloigtheach ann – céard eile a bheadh uait?

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Veinéis san Iodáil – eispéireas faoi leith! Ar ndóigh, tá a fhios ag gach duine gur canálacha seachas sráideanna atá ann, ach tá sé deacair a chreidiúint go dtí go bhfeiceann tú iad!

4. Trí rud a thaitníonn leat faoi bheith ag obair le Raidió na Life?

An fhoireann, na hoibrithe deonacha iontacha agus an tsaoirse a bheith cruthaitheach.

an bric

5. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Fuair mé ticéid go Boyzone ó Dhaidí na Nollag agus mé 8 mbliana d’aois – an cheolchoirm is fearr ar fhreastail mé uirthi riamh!

6. Céard é an buaicphointe i bhféilire na bliana?

Nuair a théim chuig ceolchoirm de chuid Bell X1 – déanaim sin ar a laghad uair sa bhliain. Bhí mé ag ceolchoirm dá gcuid cheana féin i mbliana agus beidh mé ag dul go ceann eile i mí Iúil.

7. An bhialann is fearr leat san ardchathair?

The Green Hen.

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do réalta óg san meáin?

Ní féidir liom aon rud eile a shamhlú.

9. Cad é an rud i do vardrús is minice a chaitheann tú?

Mo gheansaí a bhfuil sionnach air.

sionnach nua

10. Dá mbeifeá ag casadh den chéad uair le duine a raibh dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Bhuel, tá buachaill agam, ach dá mbeinn ag iarraidh oíche dheas a eagrú dúinne, roghnóinn bialann dheas agus scannán maith.

11. An rud is fearr leat a dhéanamh tráthnóna Dé Sathairn?

An seomra folctha a ghlanadh!

12. An bhfuil mana spreagúil agat?

Níl!

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?

Is aoibhinn liom Tom Hanks, Joseph Gordon-Levitt agus Emma Stone.

14. An bhfuil pearsa ar bith sa stair a chuaigh i bhfeidhm ort?

Méabh, Banríon Chonnachta. Tá pictiúr de Mhéabh agam, ceann álainn a rinne Jim FitzPatrick, agus nuair a bhreathnaím air, braithim gur féidir liom aon rud a dhéanamh!

15. Cé hé/hí an ceoltóir is fearr leat?

Bell X1

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Cheannóinn earraí glantacháin!

17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Táim ag iarraidh dul chomh fada le Nua-Eabhrac. Níl na Stáit Aontaithe feicthe agam ach ar an scáileán, agus ba bhreá liom iad a fheiceáil i gceart.

18. An mbíonn tú ag ceol?

Ní ceoltóir mé! Ach bím ag canadh sa chith …

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Neart!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Bheith ar ghearrliosta Réalta Óg na Bliana!


Dé hAoine seo chugainn, an 13ú Bealtaine, bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 in Ostán Bhóthar na Trá, Gaillimh!

Tá na línte vótála oscailte anois agus beidh deis agat vótaí a chaitheamh do na réaltaí óga suas go dtí meán lae, Déardaoin, an 12ú Bealtaine, 2016.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann, agus chuig 60999 ó Thuaisceart Éireann agus ón Bhreatain. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.

STIOFÁN Ó FEARAIL téacsáil GRADAM101
SINÉAD NÍ UALLACHÁIN téacsáil GRADAM102
FIONA NÍ FHLAITHEARTA téacsáil GRADAM103
LISA MADDEN téacsáil GRADAM104
MÍCHEÁL Ó CIARAIDH téacsáil GRADAM105
EDEL NÍ CHURRAOIN téacsáil GRADAM106

SCÉALTA EILE