Is é Daithí Ó Gallchóir, réalta ón díséad dóighiúil Chris and Dave, atá i gcathaoir na 60 Soicind an iarraidh seo. Labhair fear Mhaigh Eo linn faoi chroíthe móra mhuintir Fiji agus faoin uair a chan sé ‘The Green and Red of Mayo’ le Leo ó na Sawdoctors, beo ar an stáitse i gCaisleán an Bharraigh! #saoldéanta
1. Cárb as duit?
Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
– Páirc Mhic Éil
– Teach Tábhairne Mick Byrne
– An chaoi go bhfuil chuile dhuine iontach cairdiúil ann.
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Fiji – bochtanas le feiceáil i ngach áit, ach fós bhí siad uilig iontach cairdiúil agus sásta.
Uaireanta bíonn daoine níos sásta nuair nach bhfuil ach an chlann agus cairde acu. Níl rud ar bith eile ag teastáil!
4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?
Billy Joel!
5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Tá geansaí dúghorm álainn agam a cheannaigh mé in Massimo Duttio le déanaí. Is aoibhinn liom é! Tá paistí air agus mothaím cosúil le múinteoir aon uair a chaithim é! 😛
6. Cad é an buaicphointe i bhféilire Dhaithí?
Ceiliúradh na hAthbhliana thíos ar an gCorrán in Acaill, i dteach tábhairne mo chol ceathracha, The Compass.
7. Cad é an físeán is fearr leat atá déanta ag Chris agus Dave?
Rogha idir ‘Mayo for Sam’ agus ‘Ní Ghéillfidh Mé’ a bheadh ann… Agus caithfidh mé ‘Ní Ghéillfidh Mé’ a roghnú!
8. An bhialann is blasta i Maigh Eo?
Tá ‘Sage’ i gCathair na Mart go hálainn.
9. An bhfuil aiféala ort faoi aon rud?
Aiféala orm nach bhfuil uirlis cheoil agam! Ach táim chun an giotár a fhoghlaim i mbliana.
10. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Nuair a bhí mé ar saoire ar an gCorrán na blianta ó shin, bhí mé féin agus mo dhaid sa teach. Ní raibh éinne eile ann agus ní raibh aon bhia ann ach oiread.
Chuaigh muid amach ag iascaireacht. D’éirigh linn thart ar 12 ronnach a fháil agus sin an lón is deise a bhí agam riamh!
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá dó/di?
Rachainn chun eachtra uisce a dhéanamh ar dtús b’fhéidir, ansin béile deas agus díreach chuig an bpub le haghaidh píosa damhsa … sean-nós nó jive!
12. Seisiún nó ceolchoirm?
Seisiún.
13. An bhfuil sraith nó clár teilifíse feicthe agat ar na mallaibh a mholfá do léitheoirí NÓS?
Peaky Blinders
14. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?
Julia Roberts.
15. An bhfuil duine sa stair a chuaigh i bhfeidhm ort?
Jack Lynch.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Rachainn go Gaillimh don oíche. Ní bheadh ach €20 ag teastáil uaim, ceapaim!
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Ba bhreá liom obair dheonach a dhéanamh áit ar bith san Afraic. Níl a fhios agam cén fáth… ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine eile ar ndóigh.
18. An tsaoire is fearr a bhí agat riamh?
Chaith mé 6 mhí in Fargo, North Dakota. Bhí mé ag déanamh staidéir ann ach saoire a bhí ann i ndáiríre!
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Tá; bím ag ithe mo chuid ingne. Tá sé uafásach agus caithfidh mé stop a chur leis!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Nuair a chas mé ‘The Green and Red of Mayo’ le Leo ó na Sawdoctors, beo ar an stáitse i gCaisleán an Bharraigh! #saoldéanta