Láithreoir ar TG4 agus fidléir le Spats Colombo é Mícheál Ó Ciaraidh atá ar ghearrliosta na nGradam Cumarsáide sa chatagóir ‘Réalta Óg na Bliana’. Labhair sé linn faoi cheantar na bpoc agus na gcearc, ceol na 70idí, an caife is deise ar an mhargadh agus an buaicphointe i bhféilire na nGael, dar leis!
1. Cárb as duit?
Is as gleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair mé… ní hé; ag magadh atá mé.
Ach tá mé cóngarach dóibh. Rugadh agus tógadh mé i ngleanntáin atá beagnach chomh glas leo – Leitir Ceanainn, príomhcheantar na ‘hens agus stags’ i dtuaisceart na tíre seo!
2. Cad iad na rudaí is fearr faoi do cheantar dúchais?
Is dócha go ndeir gach duine é seo, ach gan dabht, is iad na daoine a sheasann amach domsa.
Ní minic a fhaighim deis cuairt a thabhairt, ach bíonn craic den scoth ann le mo chlann agus le mo chairde nuair a bhím ann.
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Níl an oiread sin taistil déanta agam fós, faraor. Chaith mé samhradh 2009 agus 2010 ag seinm ceoil clasaicigh in New Hampshire. Thaitin sé thar cionn liom.
4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?
Athraíonn seo ó lá go lá, ach tá dlúthdhiosca, ‘1975’, a bhfuil amhráin mhóra na bliana sin le cluinstin air á sheinm agam sa charr faoi láthair.
5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Cheannaigh mé seaicéad nua ag an Nollaig. Is seaicéad deinime gorm é agus tá bóna fionnaidh air.
Tá sé compordach agus coinníonn sé an teas istigh.
Agus ceapaim go bhfuil cuma ‘gléasta suas’ air fosta; mar sin, chaith mé é go minic i mbliana agus mé ag taifeadadh do TG4.
6. Céard é an rud is mó a chuireann ag gáire thú?
Colmán Mac Séalaigh – bainim sult as a bheith ag cur isteach air ;).
7. Fíon nó beoir?
Braitheann sé ar an chineál oíche atá ann.
Más oíche mhór sa bhaile mhór atá i gceist, is maith liom uisce beatha a ól; ach más dinnéar suaimhneach rómánsúil atá i gceist is maith liom fíon dearg Merlot agus cúpla gloine beorach ina dhiaidh.
8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do láithreoir teilifíse?
Ba bhreá liom a bheith i mo barista gairmiúil. Is maith liom mo chuid caife… ahem, Badger & Dodo.
9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Is dócha an chraic a bhí againn ar scoil. Bhain mé sult as mo laethanta ar scoil dar ndóigh.
10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair a raibh dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Ní féidir liom mo rúin uilig a scaipeadh.
11. Ceolchoirm nó buscáil?
B’fhearr liom a bheith ar stáitse, déarfainn, agus is maith liom nuair a bhíonn slua mór ann agus muid ag seinm.
12. Cad é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?
Oireachtas na Samhna! Ní fhaightear a leithéid áit ar bith eile ar domhan.
An chraic, ó muise, an chraic!
Agus an tinneas cinn… ó muise, an tinneas cinn!
13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?
Ryan Gosling. Agus is é Drive an scannán is fearr liom… agus an fuaimrian a théann leis.
14. An bhfuil pearsa sa stair atá cosúil leat?
Níl clue agam! An bhfuil aon tuairim agaibh féin?
Fáilte roimh thuairimí chuig @_mickyc_má tá.
15. Céard é an ball éadaigh is fearr leat?
Mo bhróga reatha Tiger déanta ag Onitsuka
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
É uilig a chaitheamh ar scríobchártaí dar ndóigh. An bhfaca sibh na cinn nua atá amuigh ag Winning Streak i láthair na huaire? Ach cosnaíonn siad €3 an ceann. Ní bhíonn an cineál sin airgid le spáráil agam na laethanta seo.☹
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Ba bhreá liom neart ama a chaitheamh sa Ghréig. Ní raibh mé ann riamh ach tá sé ar intinn agam dul ann an samhradh seo.
Tá an stair agus an cultúr agat ar lámh amháin, agus tá an aimsir, na tránna agus an chóisireacht agat ar an lámh eile. Meascán foirfe é sin, ceapaim.
18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?
Bhain mé an-sult as ár ngig sa Phuball Gaeilge ag an EP anuraidh. Bhí slua iontach ann.
Chomh maith leis sin, bhí Puball Bulmers ag Body & Soul iontach maith.
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Go leor!!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Post a fháil mar láithreoir teilifíse ☺
Tá na línte vótála oscailte anois agus beidh deis vótaí a chaitheamh do na réaltaí óga go dtí meán lae Déardaoin, 12 Bealtaine 2016.
Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a theastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003, ó Phoblacht na hÉireann,
agus 60999, ó Thuaisceart Éireann & ón Bhreatain. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
STIOFAN Ó FEARAIL téacsáil GRADAM101
SINÉAD NÍ UALLACHÁIN téacsáil GRADAM102
FIONA NÍ FLAITHEARTA téacsáil GRADAM103
LISA MADDEN téacsáil GRADAM104
MICHEÁL Ó CIARAIDH téacsáil GRADAM105
EDEL NÍ CHURRAOIN téacsáil GRADAM106