60 soicind le…

Is láithreoir teilifíse agus raidió í Bláthnaid a bheas ag cur chlár na gcairteacha ar 2fm i láthair as Gaeilge ón oíche anocht ar aghaidh. Bíonn sí le feiceáil chomh maith ar Two Tube, Luain go hAoine, ar RTÉ 2 agus tá sí le leanúint ar Twitter @BlathnaidT. Labhair sí linn faoina baile, Na Gealáin Thuaidh agus a teanga dhrochbhéasach!


1. Cárb as duit?

Bré, Co. Chill Mhantáin.

2. Trí rud a gcuimhníonn tú orthu nuair a smaoiníonn tú ar do cheantar dúchais?

– An Trá – bhí mé i mo chónaí cúig nóiméad uaidh agus chaith mé a lán ama ansin mar pháiste agus déagóir.
– Ceann Bhré.
– Teach mo thuismitheoirí.

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?

Uaillmhianach.
Cruthaitheach.
Leisciúil – is breá liom é a thógáil go bog ar an tolg sa bhaile os comhair na teilifíse ag ithe ‘take away’ agus ag breathnú ar ‘Keeping Up With the Kardashians’… eeeeep!

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Téalainn – Trá Railay, Krabi (thíos). Chaith mé cúig seachtaine ansin an samhradh seo caite. Aoibhinn.

tealainn

5. Cad í an ghig is mó a thaitin leat?

Is breá liom féilte ceoil cosúil le Electric Picnicm, Body and Soul agus Longitude. Ach an dá ghig is fearr ag a raibh mé riamh ná Bon Iver sa 3 Arena cúpla bliain ó shin agus Christian Scott sa Sugar Club cúpla seachtain ó shin – bhí an ceol dochreidte, molaim daoibh é a sheiceáil amach!

6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

Joan Armatrading, ‘Down to Zero’.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do láithreoir?

Déarfainn go mbeinn i mo léiritheoir cúnta.

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Níl! Bím i gcónaí ag smaoineamh ar an todhchaí seachas ar an am atá caite!

9. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag imirt le mo dheirfriúr agus dheartháireacha sa cúlghairdín.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Daoine a titim, seachas más seanduine atá ann ar ndóigh.

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Dinnéar agus ceolchoirm – seans chun labhairt agus aithne a chur ar a chéile, agus ansin píosa craic agus tuilleadh ceoil!

blathnaid-2

12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, cén fáth?

Cillian Murphy – is aisteoir den scoth atá ann agus tá mé an-tógtha lena chlár teilifíse.

13. Scáileán beag nó Scannán?

Scannán.

14. Céard é an rud is fearr faoi Ghaeilge?

An chaoi a bhfuil sí go chomh fite fuaite sa chultúr ginearálta.

15. Cén pearsa stairiúil is mó a bhfuil meas agat orthu?

Michael Jackson!

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

Cheannófainn bia!

17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?

An Íoslainn, chun Na Gealáin Thuaidh a fheiscint!

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Úsáidim teanga dhrochbhéasach go minic!

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Post a fháil mar láithreoir in RTÉ.

20. Rud ar leith ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

An lotto a bhuachan!

SCÉALTA EILE