60 soicind le…

Láithreoir ildánach le TG4 is ea é fear na Rinne, Irial Ó Ceallaigh, a thug leis an bonn cré-umha i gCorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna sa Citywest i mbliana. Labhair sé linn faoin chéad amhrán a d’fhoghlaim sé, faoina óige ag iascaireacht lena dhaid agus faoin rud is fearr ina vardrús… ní fhéadfá tomhas céard é!


1. Cárb as duit?

An Rinn, Co. Phort Láirge.

2. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén tír is fearr leat?

Talamh an Éisc i gCeanada.

3. Cén t-amhránaí is fearr leat?

Iarla Ó Lionáird.

4. Cad é an rud is fearr i do vardrús?

‘Onesie’ (pitseáma aonphíosa) na Nollag!

5. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol?

Fuair mé an post seo atá agam anois.

Irial mór

6. Pionta beorach nó gloine fíona?

Pionta fíona! Hup!

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do láithreoir teilifíse?

Dá mbeadh an t-airgead ann, agus ráth orm, rachainn ag amhránaíocht.

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Oh tá!

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag dul ag iascaireacht le Daid.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair cén sórt oíche a d’eagrófá?

Cúpla deoch, áit chiúin, neart cainte.

11. An chéad amhrán ar an sean-nós a d’fhoghlaim tú?

Bhí neart agam nuair a bhí mé ar scoil agus óna bheith ag éisteacht sa mbaile ach, is dócha, an chéad cheann gur foghlaim mé don Oireachtas ná ‘Mo Thig Beag Aerach’.

12. Scannán maith atá feicthe agat le déanaí?

Fathers and Daughter.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?

James Franco.

14. Cén phearsa sa stair is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Gandhi.

15. Trí rud maith faoi bheith i do Ghael?

Cultúr. Daoine. Ionannas.

Irial 1

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Chuirfinn é ar Phort Láirge chun Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachan in 2016.

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?

An Iaráin.

18. Seisiún nó stáitse?

Seisiún.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Na céadta!!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

A bheith ag obair le TG4.

SCÉALTA EILE