Tá na meáin chumarsáide Gaeilge níos fairsinge anois ná mar a bhí riamh, agus teacht ag pobal na teanga orthu 24/7.
Tá ár stáisiún teilifíse féin againn, TG4, atá ag freastal ar idir óg agus aosta le héagsúlacht leathan cláracha, agus craoltar sráitheanna Gaeilge go minic ar an BBC ó thuaidh chomh maith.
Feidhmíonn cúig stáisiún raidió go hiomlán trí mheán na Gaeilge – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió na dTreabh agus an stáisiún ar líne Raidió Rí-Rá – mar aon leis an iliomad cláracha Gaeilge ar stáisiúin eile fud fad na tíre.
Ar líne cuireann Tuairisc.ie, NÓS agus Meon Eile ábhar tábhachtach agus taitneamhach ar fáil agus pléann na hirisí clóite Comhar, an tUltach, Feasta, Mionlach srl. cúrsaí ealaíon, cultúrtha, polaitíochta agus pobail.
Go deimhin bíonn rannóga Gaeilge ag RTE.ie, The Irish Times, The Irish News agus eile, gan trácht ar an nuachtán Seachtain a thagann amach mar fhorlíonadh leis an Irish Independent gach Céadaoin.
Nuair a bhí mise ag fás aníos sna luathnóchaidí ní raibh ach stáisiún raidió amháin ann agus ní raibh stáisiún teilifíse ar bith ann, agus ba bhocht rogha na gcláracha teilifíse a bhí ann do dhaoine óga ar RTÉ 1 agus Network Two.
Ba gheall le réabhlóid é nuair a cuireadh tús le Teilifís na Gaeilge (TG4) ar Oíche Shamhna 1996 agus tá forbairt as cuimse i ndiaidh theacht ar na meáin chumarsáide Ghaeilge ó shin.
Ciallaíonn sé seo ar ndóigh go bhfuil na meáin anois ar cheann de na hearnálacha is mó ina bhfuil fostaíocht ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Postanna le haghaidh láithreoirí, eagarthóirí, lucht margaíochta, aisteoirí, rannpháirtithe ar chláracha teilifíse agus raidió, taighdeoirí, lucht fotheidil, aistritheoirí, bainisteoirí, iriseoirí, léiritheoirí, teicneoirí fuaime, scríbhneoirí scripte agus lear mór postanna eile nach iad.
Is mór an phribhléid a bheith ag obair sna meáin chumarsáide inár dteanga dhúchais ach, cosúil le haon ghné den saol, is gá go mbeadh taithí agat le ceann de na postanna fiúntacha seo a fháil.
Seo thíos 9 bpointe comhairle dóibh faoin bhealach is fearr le dul ina bhun:
1. Cuir snas ar do chuid Gaeilge
Más í an Ghaeilge do theanga oibre ba cheart go mbeifeá in ann feidhmiú inti go héifeachtach – idir labhairt agus scríobh.
Bíonn muid ag foghlaim go síoraí mar sin ná bíodh drogall ort tabhairt faoi chúrsa sa teanga – tá neart cúrsaí ar líne ag Gaelchultúr srl.
Éist le cainteoirí maithe ar an raidió agus ar an teilifís, breac síos nótaí agus déan aithris orthu.
Bí ag léamh leabhar Gaeilge (os ard más gá), agus seachain an Béarlachas.
Déanann na meáin chumarsáide ar fud an domhain caighdeán a dteangacha a choinneáil ard – níl aon difear leis na meáin Ghaeilge.
2. Úsáid na meáin Ghaeilge
Ceann bunúsach é seo.
Ní féidir post a fháil sna meáin Ghaeilge muna bhfuil tú eolach orthu ná muna mbíonn tú ag léamh ábhair ar líne, ag éisteacht leis an raidió ná ag breathnú ar chláracha teilifíse.
Tá scríbhneoirí, láithreoirí agus craoltóirí den scoth ag obair trí mheán na Gaeilge.
Déan stáidéar agus anailís ar na modhanna oibre atá in úsáid acu agus breac síos nótaí más gá.
3. Oibrigh go deonach ag an tús
Is áit mhaith le tosnú sna meáin iad ár stáisiúin raidió pobail (Raidió Fáilte i mBéal Feirste, Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió na dTreabh i nGaillimh) nó na foilseacháin sin a bhíonn ag cuartú scríbhneoirí deonacha.
Déan teagmháil leo, bíonn cabhair agus cuidiú de dhíth orthu i gcónaí.
Ar a bharr sin bíonn na stáisiúin raidió ag eagrú cúrsaí traenála go minic, rud a sheasfaidh leat amach anseo.
Mura bhfuil stáisiún raidió pobail Gaeilge i do cheantar gabh chuig ceann de na stáisiúin Bhéarla agus iarr orthu an féidir leat clár a dhéanamh i nGaeilge.
Is iad na daoine a bhfuil an oiread is mó taithí acu na daoine a dhéanfaidh an dul chun cinn sna meáin!
4. Déan do chuid taifeadtaí féin
Is féidir do ghuthán a úsáid chun taifead ardchaighdeáin – fuaim nó fís – a dhéanamh gan stró, agus fiú a chur eagar.
Freastal ar imeachtaí i do cheantar féin, ar fheilte, ar chainteanna, labhair le ceoltóirí a bhfuil aithne agat orthu, déan agallaimh le daoine i do chomharsanacht, mar shampla ar sheandaoine a bhfuil scéal spéisiúil le rá acu.
Ansin is féidir iad a chur ar líne nó a thabhairt do do stáisiún áitiúil raidió srl.
5. Cuir tús le blag nó vlag
Tá neart daoine atá ag obair sna meáin chumarsáide anois a chuir tús lena slí bheatha trí vlag nó blag a thosú ar Youtube, ar bhun amaitéarach.
Tá an t-ádh dearg orainn anois go bhfuil an teicneolaíocht againn le go dtig linn ár gcláracha, físeáin, blaganna agus vlaganna féin a léiriú – beo fiú – ar Youtube, Facebook Live, Periscope srl.
Má tá an t-am agat bain triail as agus gach seans go gcuirfidh na meáin chumarsáide suntas ionat.
6. Bí fiosrach!
Ní mór don iriseoir bheith fiosrach agus cluas mhaith a bheith aige do scéal.
Amharc ar an domhan thart ort agus ar na scéalta atá le fáil amach as.
Déan machnamh faoi cén dóigh is fearr a dtiocfadh leat an scéal sin a chur i láthair an phobail – bíodh sé sna meáin chlóite, ar an raidió nó i bhfoirm fhíseáin.
7. Bí ullmhaithe!
Ullmhaigh! Ullmhaigh! Ullmhaigh!
Má tá alt á scríobh agat, déan taighde agus bí cinnte go bhfuil do chuid Gaeilge cruinn.
Má tá tú ag déanamh cláir bíodh script scríofa agat.
Má tá do ag dul a bheith i do rannpháirtí ar chlár bíodh nótaí breactha síos agat agus fios agat ar an fhoclaíocht i nGaeilge a bhaineann leis an ábhar a mbeidh tú ag caint faoi.
Má tá tú ag taifeadadh imeachta bí cinnte go mbíonn cead agat roimh ré agus go bhfuil an teicneolaíocht chuí agat leis an jab a dhéanamh.
Agus cuidíonn sé fosta le bheith ar an láthair ar a laghad leathuair an chloig sula dtosaíonn an clár nó an ócáid sa dóigh is go mbeidh tú ábalta tú féin a shocrú agus labhairt leis na teicneoirí fuaime faoi cén áit is fearr leis an mhicreafón a chur nó sa dóigh is go mbeidh tú in ann cleachtadh a dhéanamh ar do script.
8. Cuir tú féin chun tosaigh
Cuir tú féin chun tosaigh le bheith ag labhairt faoi imeachtaí i do cheantar féin ar stáisiúin raidió agus teilifíse.
Gabh i dteagmháil le suíomh idirlín nó le hiris.
Seol do CV chuig comhlachtaí meán cumarsáide.
Is fiú tú féin a chur chun tosaigh le taithí oibre a dhéanamh le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse, raidió agus na meáin chlóite.
Bíonn an cuidiú i gcónaí de dhíth orthu agus is mór an méid atá le foghlaim uathu.
9. Glac páirt i gcúrsaí oiliúna
Bíonn scéimeanna oilúna á gcur ar fáil ar fud na tíre i scileanna meán.
Bíonn Raidió Fáilte agus Raidió na Life ag eagrú cúrsaí oiliúna don raidió, mar shampla.
Tá scéim oiliúna ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mBéal Feirste agus bíonn socrúcháin íoctha ar fáil le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus cuireann siad sparánachtaí ar fáil fosta.
Déan cuardach ar líne faoi choinne cúrsaí oiliúna i scileanna ceamara, taifeadadh fuaime, scríbhneoireachta srl.
Má tá tú dífhostaithe cuir ceist ar na daoine san oifig leasa shóisialaigh an mbíonn cuidiú airgid ar bith ar fáil leis na cúrsaí seo a dhéanamh.
Ádh mór oraibh!
Is Oifigeach Léiriúcháin agus Traenála le Raidió Fáilte é Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh.