Tá Oireachtas na Gaeilge ag lorg ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019. Den chéad uair riamh is próiseas oscailte ainmniúcháin a bheidh ann do chomórtas na bliana seo, agus é iarrtha ar an bpobal ag lucht an Oireachtais ainmniúcháin do na rannóga éagsúla a chur isteach ar shuíomh idirlín an Oireachtais.
Go dtí seo, ba ag daoine áirithe i saol na meán Gaeilge amháin a bhí cead ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus níor fágadh faoi rogha an phobail ach an chatagóir ‘Réalta Óg na Bliana’. I mbliana, tá an próiseas ainmniúcháin oscailte do chách.
Tá urraíocht nua faighte ag Oireachtas na Gaeilge do na Gradaim i mbliana ó Údarás Craolacháin na hÉireann, agus dhá chatagóir nua curtha leo dá bharr — gradam do ‘Chlár na Bliana ar Raidió Pobail’ agus gradam eile do ‘Chlár na Bliana ar Raidió Tráchtála’.
“Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí go bhfuil sárchláracha i nGaeilge á soláthar ag seirbhísí craolacháin eile sa tír chomh maith leo siúd atá ag feidhmiú go príomha trí Ghaeilge. Tabharfaidh an dá ghradam nua seo léargas ar raon agus ar réimse na cruthaitheachta i nGaeilge atá ar aerthonnta na tíre,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.
Seo a leanas na rannóga iomlán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019:
Sraith Teilifíse na Bliana
Sraith Raidió na Bliana
Scannán/Clár Teilifíse na Bliana
Pearsa Teilifíse na Bliana
Pearsa Raidió na Bliana
Iriseoir na Bliana
Feachtas Meán Sóisialta na Bliana
Réalta Óg na Bliana
Arís eile i mbliana níl gradam ar leith ann do na meáin scríofa ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.
Ní mór foirmeacha ainmniúcháin a bheith istigh roimh 17.00 ar an 16 Lúnasa. Ní féidir buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide na bliana seo caite a ainmniú arís i mbliana. Fógrófar gearrliosta ag tús Mhí Mheán Fómhair agus bronnfar na gradaim den tríú bliain as a chéile mar chuid de phríomhfhéile an Oireachtais in Óstán Citywest i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.