‘Aiteach Ní Aisteach’ – ceiliúradh ar an bpobal LADT Gaelach i sraith nua ar BLOC

Tabharfaidh ceathrar Gael ón bpobal LADT a léamh féin ar an téarma ‘aiteachas’ i sraith nua a chraolfar ar BLOC mar chuid den cheiliúradh ar an bhféile Bród. Beidh Antóin Beag Ó Colla, Chris Murphy, Bláithín de Búrca, agus Cian Ó Gríofa faoi agallamh ar an tsraith Aiteach Ní Aisteach, a bheidh ar fáil ar YouTube agus IGTV Bloc ón lá amárach amach. 

Pléifear réimse leathan téamaí sa tsraith agallamh: an t-aiteachas féin, drag, an t-aerachas i gceantair thuaithe, OnlyFans, an ceol aiteach, agus go leor eile ina measc. Tá pearsantachtaí láidre ag na hagallaithe uile a bheidh le feiceáil ar an gclár agus taithí agus eolas acu ar ghnéithe éagsúla den phobal LADT. 

Labhróidh an Chris Murphy, a bhain cáil amach ar TikTok faoin ainm @chrisisainmdom, faoin tionchar a bhí ag na meáin shóisialta agus ag an gceol aiteach air mar fhear óg aerach. Bhí Antóin Beag Ó Colla i mbéal an phobail le deireanas mar gheall ar an inseacht réadúil a thug sé ar shaol an fhir aeraigh i gceantar Gaeltachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – beidh an t-ábhar sin agus tuilleadh á iniúchadh ar Aiteach Ní Aisteach

Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge ar an mbeirt eile a bheidh ar an gclár freisin. Is í Bláithín de Búrca as Baile Átha Cliath, a tháinig chun cinn ar dtús ar an gclár Ó Tholg go Tolg ar TG4 ach a bhfuil a cáil bainte amach aici mar fhuirseoir aonair agus mar dhuine d’fhoireann TRY ar YouTube, a bheidh faoi agallamh sa tríú heagrán.

Cian Ó Gríofa, nó Gaylgeoirí mar is fearr aithne air ar na meáin shóisialta a bheidh le feiceáil san eagrán deireanach den tsraith agus é ag caint faoi “cé chomh cool is a bhí sé fear a fheiceáil gléasta mar bhean ar an teilifís” agus é óg, eachtra a spreag a spéis féin in ealaín an draig. 

Is é an comhlacht léiriúcháin MÓC², comhlacht a thosaigh iar-láithreoir BLOC Mícheál Ó Ciaraidh, a léirigh an tsraith nua a coimisiúnaíodh mar chuid den scéim Glúin Nua, scéim ina ndírítear ar “ábhar gearrfhoirme úr nuálach siamsúil”. 

“Bhí muid ag iarraidh an t-aiteachas a fhiosrú níos mó ná rud ar bith eile, ní hé gur próifíl ar na daoine atá páirteach sa chlár a bheidh ann, ach súil ar an staid ag a bhfuil an t-aiteachas in Éirinn faoi láthair. Déanann roinnt clár próifílí ar dhaoine aiteacha agus bíonn sé dorcha, ach bhí muid ag iarraidh tón spraíúil dána salach a bheith ar an chlár s’againne. 

“’Ní sob story é seo’ mar a dúirt duine de na rannpháirtithe, ach tá na daoine seo ar an imeall agus iad larger than life. Tá siad iontach oscailte, agus le linn na sraithe cloisfear caint ar OnlyFans, an dornú, an phornagrafaíocht, agus ábhar eile,” a dúirt Mícheál, a léirigh agus a stiúir an tsraith le NÓS. 

Ceathrar fear aeracha agus bean amháin ilghnéasach a bheidh le feiceáil ar an scáileán le linn na sraithe. Dúirt Mícheál le NÓS go raibh sé “fíordheacair” teacht ar leispiaigh a bhí sásta labhairt os comhair an cheamara faoin aiteachas féin.

“Thosaigh muid á léiriú seo i mí Lúnasa 2020, beagnach bliain ó shin anois. Bhí sé fíordheacair teacht ar leispiaigh, agus cé go bhfuil Bláithín againn, ní thugann sí ‘leispiach’ uirthi féin ach ‘ilghnéasach’. Bhí sé deacair ar dtús leispiaigh a raibh Gaeilge acu a aimsiú agus fiú nuair a labhair muid le cúpla bean, bhí siad i bhfad níos cúthalaí ná mar a bhí na fir. B’fhéidir go raibh tionchar ag stíl an togra ar an gceist, ach bhí deacracht mhór againn. 

“Theastaigh uainn spotsolas a chaitheamh ar an bpobal tras fosta ach tá an linn sin níos lú fosta. Tá daoine tras in Éirinn ach tá fíorbheagán ann a bhfuil Gaeilge acu agus fíorbheagán arís atá sásta labhairt faoin aiteachas,” a dúirt Mícheál. 

Dúirt sé go bhfuil “obair le déanamh” in Éirinn maidir le “glacadh le haiteachas”. 

“Tá muid in áit an-mhaith anois do leaids aeracha, ach tá obair mhór le déanamh maidir le mná leispiacha agus le daoine tras. Dúirt duine ar labhair muid leo, nach bhfuil le feiceáil sa chlár, gur bua mór a bhí sa reifreann in 2015 ach gur bua d’fhir aeracha níos mó ná rud ar bith eile a bhí ann. Tá go leor oibre le déanamh ar son na mban agus na ndaoine tras sa phobal LADT go fóill,” a dúirt sé. 

Beidh Aiteach Ní Aisteach “rud beag explicit, glórach, agus in your face”, dar le Mícheál, ach beidh “spraoi agus greann ann freisin”. 

“Is ceiliúradh é an tsraith ar an aiteachas féin agus ar an bpobal aiteach in Éirinn. Tá áit ann do chláracha ina ndírítear aird ar na deacrachtaí a bhíonn ag an bpobal agus na dúshláin a bhíonn roimhe, ach ní raibh muidinne ag iarraidh a bheith gruama, go mór mór don tseachtain seo, seachtain an Bhróid,” a dúirt Mícheál.

SCÉALTA EILE