An 50ú heagrán á cheiliúradh ag ‘An Gael – Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge’

Tá sé i gceist ag eagarthóir an irisleabhair “idirnáisiúnta” Gaeilge An Gael, Séamus Ó Neachtain, leanacht ar aghaidh sa ról agus an caogadú heagrán den iris foilsithe an mhí seo. D’fhógair Séamus ar na meáin shóisialta ag tús an tsamhraidh go raibh sé idir dhá chomhairle cé acu ar cheart nó nár cheart dó coinneáil air mar eagarthóir ar an iris i ndiaidh an eagráin speisialta seo, ach dheimhnigh sé in agallamh a thug sé do NÓS go bhfanfaidh sé sa ról.

“Beidh mé ag leanacht ar aghaidh. Bhí drochmhisneach orm mar gheall ar Covid agus rudaí eile a bhí ag titim amach sa domhan mór, ach anois agus an chloch mhíle bainte amach againn tá sé i gceist agam coinneáil orm. Nuair a ritheann tú rás, caithfidh cuspóir a bheith ann – crann ar fhíor na spéire nó coirnéal ar an mbóthar – cuspóir a bhí sa chaogadú heagrán agus tá mé ann anois agus é i gceist agam leanacht ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile,” a dúirt Séamus le NÓS. 

Tá an t-eagrán speisialta seo den iris, a fhoilsítear in Long Island i stát New York, níos mó ná eagrán ar bith eile a foilsíodh go dtí seo agus 48 leathanach ann. Tá “méid mór ábhair” in Eagrán 50 agus colúin agus ailt ó scríbhneoirí ar fud na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir. Tá tuairim is 80 scríbhneoir “ar an leabhar” ag An Gael, cuid acu a scríobhann colúin agus ailt rialta don iris agus cuid acu nár scríobh ach corralt ó rinneadh athbheochan ar an iris in 2009. 

“Scríobhann roinnt daoine ó am go chéile, scríobhann roinnt eile i gcónaí, agus tá cúpla duine ann nár scríobh ach uair amháin dúinn. Scríobh cúpla duine cáiliúil alt dúinn i gcaitheamh na mblianta, agus cúpla duine nár chualathas trácht riamh orthu. Tá cúigear ann anois a scríobhann do gach eagrán, agus coimeádann siad sin ag dul ar aghaidh mé. Tá áthas orm go spreagann an t-irisleabhar daoine an Ghaeilge a léamh, a labhairt agus a scríobh,” a dúirt Séamus. 

Deir Séamus go bhfuil síntiús ag tuairim is 15 duine, go gceannaítear an iris uaidh féin in New York, agus go bhfuil fáil air i siopaí áirithe – Litriocht.com ina measc. Léann an chuid is mó de lucht léite An Gael an iris ar líne, áfach, tríd an suíomh irisí  MagCloud. 

“Léann an chuid is mó de na daoine An Gael  ar an idirlíon, ach ar an drochuair ní thugtar staitisticí léitheoireachta don chóras atá in úsáid againn, MagCloud. Dá mbeadh praghas ar an leagan digiteach bheadh eolas ann faoi líon na ndaoine a cheannaigh é, ach tá sé saor in aisce. Ní raibh suim ag na léitheoirí íoc as mar PDF, bhain mé triail as praghas a chur air cúpla uair ach níorbh fhiú é. 

“Tá léitheoirí agus síntiúsóirí againn ar fud an domhain – san Astráil, i Lucsamburg, in Éirinn, agus timpeall na Stát Aontaithe. Ní gan údar a thugtar “Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge” air,” a dúirt sé. 

Ba mar nuachtán a tosaíodh An Gaodhal, réamhtheachtaí An Gael, sa bhliain 1879. Mícheál Ó Lócháin, as Gaillimh, a thosaigh an t-irisleabhar dátheangach sin agus a bhí ina eagarthóir air go dtí a bhás in 1899. Mhair an leagan sin den iris deich mbliana eile nó mar sin. Rinneadh cúpla iarracht An Gaodhal a athbheochan in imeacht na mblianta ó 1909 go 2009, ach ní go dtí gur athbhunaíodh Cumann Carad na Gaeilge i lár na 2000idí a tugadh faoin iarracht arís i gceart. Tá An Gael, mar a thugtar anois ar an bhfoilseachán, á chur amach uair sa ráithe ó shin. 

Bhíodh na hailt i mBéarla agus i nGaeilge agus “a lán polaitíochta, a lán ábhar ar son na cúise, agus a lán réabhlóideachais” ar An Gaodhal, ach chinn Séamus Ó Neachtain irisleabhar lán-Ghaeilge a d’fhanfadh glan ar an bpolaitíocht a chur amach. 

“Is go hannamh a phléann muid an pholaitíocht anois. Bhí an-taithí agam féin leis an gconspóid polaitíochta agus bíonn sé an-leadránach ar bhealach. Ní éiríonn rud ar bith maith as an gconspóid den chuid is mó, tá daoine báite sna smaointe atá acu, agus ní bheidh siad sásta aon athsmaoineamh a dhéanamh. Ní bheidh ann ach conspóid agus achrann, ba mhaith liom go mbeadh an iris fáiltiúil agus taitneamhach do gach duine. Nuair a bhíonn rudaí polaitíochta ar an iris, cuirim an dá thaobh ann, ní thaitníonn sé liom nuair nach mbíonn an taobh eile ann,” a dúirt Séamus le NÓS. 

Cinneadh mór eile a bhí ann fáil réidh leis an leagan amach dátheangach a bhíodh ar An Gaodhal agus é á athbheochan ina Gael. 

“Tá go leor daoine ann anois atá líofa i léamh agus is scríobh na Gaeilge. Cheap mé go mbeadh sé ní ab fhearr agus níos cosúla leis na foilseacháin atá anois againn in Éirinn dá mbeadh sé i nGaeilge amháin. Dá mbeadh an Béarla ann bheadh an iomarca ann, agus dar liom féin bíonn rudaí níos suimiúla sa Ghaeilge. B’fhearr liom féin an Ghaeilge a léamh, agus bíonn na hailt úsáideach do na ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl anseo i Meiriceá,” a dúirt sé. 

Is féidir síntiús a ghlacadh le An Gael ar $40 sna Stáit Aontaithe, $45 i gCeanada, nó $55 san Eoraip agus an chuid eile den domhan anseo. Bíonn sé ar fáil ó Litriocht.com agus i bhfoirm PDF ar MagCloud freisin.