An chéad ‘Chluiche Snatch’ i nGaeilge le craoladh Dé Sathairn

Craolfar an chéad leagan Gaeilge den ‘Snatch Game’ ar chainéal YouTube an ghrúpa AerachAiteachGaelach an deireadh seachtaine seo mar chuid den fhéile Bród. Is dlúthchuid den chlár iomráiteach teilifíse Ru Paul’s Drag Race é an ‘Snatch Game’ agus tá súil ag lucht eagraithe an eagráin Ghaelaigh seo go mbainfear an spraoi sult agus spórt céanna as feisteas agus geáitsíocht na n-iomaitheoirí agus a bhaintear as leagan Ru Paul. 

“Seo spraíúil ina ngléasfaidh na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagróidh siad ceisteanna éadroma seafóideacha ‘líon-an-bhearna’ le linn ‘bréagchlár teilifíse’,” atá i gceist leis an gCluiche Snatch dar le léiritheoir an chomórtais, Kevin Johnston.

Is iad an dá ghrúpa aiteacha Aerach Aiteach Gaelach agus an Queercal Comhrá atá i mbun an chomórtais a chraolfar Dé Sathairn, 26 Meitheamh, ag 13.00, agus cúigear Gael a bheidh san iomaíocht: Dean Farrell, iar-scoláire ICUF atá ag cur faoi i gCeanada i láthair na huaire; an t-aistritheoir Eoin P Ó Murchú; an fuirseoir burlesque Jade Pepper; an bhanríon draig Kitty Ní Houlihán, “as Tír na nÓg via Baile Átha Cliath”, agus an t-amhránaí agus vlagálaí Rút Ní Theimhneáin, duine eile a chaith tréimhse ina scoláire ICUF agus atá  ina cónaí i gCeanada.

‘HuPaul’, nó Hugh Carr mar is fearr aithne ar fhear BLOC, a bheidh ina fhear an tí. 

Duais €300 a bhronnfar ar an mbuaiteoir, buaiteoir a roghnóidh na moltóirí Kevin Johnston, léiritheoir an chomórtais, agus Hilary Bowen-Walsh, ar damhsóir, aisteoir agus fuirseoir í féin. 

Dúirt Kevin le NÓS gur rith sé leis gur mhaith a d’fheilfeadh leagan amach an Chluiche Snatch d’imeachtaí a d’fhéadfaí a reáchtáil ar line agus gur bheag an baol go gcuirfeadh cúrsaí Covid isteach air. 

“Rith sé liom mar imeacht arbh fhéidir a chur ar líne ar bheagán foláirimh, más ea, agus bheartaíomar é a dhéanamh toisc go raibh sé cineál ‘Covid-proof’ agus i ndiaidh pointe éigin bheartaíomar é a chur ar líne toisc go bhfuil beirt de na hiomaitheoirí lonnaithe i gCeanada faoi láthair agus toisc na spéise a bhí á léiriú ann.” 

Tá an deis ann do lucht féachana an Chluiche Snatch duais €50 a bhuachan fosta. Níl le déanamh ach pictiúr a chrochadh ar na meáin shóisialta díot féin agus tú ag ullmhú le féachaint ar an gCluiche Snatch agus na haischlibeanna #CluicheSnatch agus #DublinPride a chur leis. Beidh an comórtas ar oscailt go dtí go dtosóidh an craoladh Dé Sathairn. 

SCÉALTA EILE