‘An Klondike’ is fearr

An Klondike buaiteoir mór na hoíche ag na Gradaim IFTA aréir. Sciob sé leis 4 ghradam, duais do ‘An Dráma is Fearr’ ina measc.


Tháinig An Klondike, mórdhráma Gaeilge TG4, in uachtar ó thaobh na ndrámaí teilifíse de aréir ag ócáid bhronnta IFTA sa Mansion House i mBÁC.

Ceithre ghradam ar fad a bhuaigh An Klondike agus lúcháir ar an stiúrthóir, Dathaí Keane, go háirithe gur éirigh leo an mórghradam do ‘An Dráma is Fearr’ a thabhairt leo.

Bhí comórtas géar sa rannóg úd idir Game of Thrones, Penny Dreadful, Vikings agus mórdhráma RTÉ na bliana, Rebellion, ach is é An Klondike a aithníodh mar an dráma is fearr.

Thug fear Chasla, Dara Devaney,(thuas) an duais leis sa rannóg ‘An tAisteoir is Fearr’ i ndráma teilifíse agus é ag fáil an ceann is fearr ar Colin Farrell (True Detective), Stephen Rea (Dickensian), Aidan Turner (Poldark) agus Barry Ward (Rebellion).

Bronnadh gradam IFTA ar Marcus Fleming, scríbhneoir scripte An Klondike, sa rannóg ‘An Script Dráma Teilifíse is Fearr’ agus bhí an fhoireann smididh buacach sa rannóg ‘Gruaig agus Smideadh’.

Fuair An Klondike 9 n-ainmniúchán ar ghearrliosta na ngradam, an méid is mó as aon léiriú, scannán nó clár teilifíse.

Bhí an chraic uilig ag sruthú ar an haischlib #IFTA16 agus cuma iontach ar an cheiliúradh!

Comhghairdeas mór le foireann An Klondike!

SCÉALTA EILE