Fógraíodh Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 inniu agus tá beirt scríbhneoirí de chuid NÓS ainmnithe sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’.
Aedín Ní Thiarnaigh agus Sláine Ní Chathalláin na colúnaithe atá i gceist, dís bhan a bhfuil ábhar spéisiúil taitneamhach á chur ar fáil acu don iris le tamall de bhlianta anuas.
San iomaíocht leo do dhuais an cholúnaí tá Breandán Mac Gearailt ó Tuairisc.ie, Robert McMillen ón Irish News, agus Michelle Nic Pháidín ón suíomh Meon Eile.
Tá cuid de na pearsana is aitheanta i saol na meán Gaeilge ainmnithe sna rannóga trí chéile, mar aon leis na cláir theilifíse is mó agus cláir raidió ó réimse stáisiún náisiúnta, pobail agus tráchtála.
12 rannóg atá ann san iomlán agus is painéal moltóirí a roghnóirí na buaiteoirí seachas i gcás ‘Réalta Óg na Bliana’ – cuirfear tús le vóta poiblí don rannóg sin Dé hAoine seo, an 15 Meán Fómhair.
An seisear atá ainmnithe don duais phoiblí ná Colm Mac Giolla Easbuic (Ros na Rún agus RTÉ RnaG), Ciara Cox (Saol Ella agus Cúla4), Nicole Ní Dhubhshláine (RTÉ RnaG), Conor Torbóid (BBC Gaeilge agus RTÉ RnaG), Seán Ó Maoilchiaráin (RTÉ agus Bloc TG4), agus Áine Mhaoir (Na Seansálaithe agus Stiúideo Cuan).
Is féidir an gearrliosta iomlán a fheiceáil anseo.
Is duaiseanna náisiúnta iad na Gradaim Chumarsáide a bhíonn á reáchtáil ag an Oireachtas gach bliain chun aitheantas a thabhairt do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu le 12 mhí anuas.
Bronnfar na Gradaim ag searmanas speisialta le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Dé Céadaoin 1 Samhain.