‘B’fhéidir go ndruidfidh neart dreamanna eile i ndiaidh Chois Life’

Labhair Maitiú Ó Coimín le heagraí Fhéile na Gealaí, Hannah Rua Ní Bhaoill, agus le hÁine Ní Chróinín, múinteoir scoile as Ráth Chairn, faoin láthair champála Gaeilge ag Electric Picnic, SwellFest Árann Mór, an dúil atá ag Hannah i LEGO Batman, dúnadh Chois Life an tseachtain seo, agus áit na nDílseoirí in Éirinn Aontaithe, i measc go leor rudaí eile.

Taifeadadh an t-eagrán seo de Phod don Eolach sa mBradán Feasa i Ráth Chairn na Mí.