Tá sé go mór i mbéal an phobail sna Stáit Aontaithe go bhféadfaí cosc a chur ar an aip meán sóisialta TikTok ón 19 Eanáir muna ndíolfaidh an t-úinéir, ByteDance, an t-ardán.
Má chuirtear an cosc seo i bhfeidhm Dé Domhnaigh, ní bheidh TikTok ar fáil sna haipmhargaí Apple ná Google le híoslódáil a thuilleadh. Cé go mbeidh rochtain fós ag úsáideoirí TikTok a bhfuil an aip íoslódáilte acu cheana féin, ní bheidh siad ábalta an aip a uasdátú agus mar sin de ní bheidh siad ábalta úsáid a bhaint as an aip le himeacht ama.
Caillfidh cuid de na hainmneacha is mó ar TikTok a n-ardán go hiomlán, agus is cinnte go mbeidh éifeacht iarmhartach aige seo ar úsáideoirí ar fud an domhain.
Meastar go n-úsáideann 170 milliún Meiriceánach an t-ardán meán sóisialta TikTok, beagnach 20% d’úsáideoirí an domhain, rud a laghdóidh idirghníomhaíochtaí do réaltaí TikTok go hidirnáisiúnta agus anseo in Éirinn. Ní bheidh an méid céanna ábhair á fhoilsiú ach an oiread.
An gciallaíonn sé seo go mbeidh scrios ar an aip go deo? Is dócha go gciallaíonn agus tá cúpla cúis leis sin.
Giota siamsaíochta a bhíonn in TikTok don chuid is mó againn. Inspioráid faisin, seifteanna saoil, oidis, moltaí ceoil, ceachtanna teanga, méimeanna, níl rud ar bith faoin spéir nach bhfuil ar fáil air. Ní hamháin go mbíonn spraoi againn leis ach is féidir airgead a dhéanamh as fosta.
Ligeann an Ciste do Chruthaitheoirí TikTok, a seoladh i mí Iúil 2020, d’úsáideoirí sa Ríocht Aontaithe agus sna sé chontae airgead a shaothrú bunaithe ar an líon daoine a amharcann ar a n-ábhar. Cuidíonn sé le cruthaitheoirí físeáin ghearrfhoirme a dhéanamh mar ghairm bheatha, agus spreagann sé agus tacaíonn sé le tallann nua atá ag teacht chun cinn.
Cé nach bhfuil an Ciste do Chruthaitheoirí ar fáil in Éirinn, cuireann TikTok ardán ar fáil d’úsáideoirí lucht leanúna a fhás agus deiseanna eile a thapú sna meáin. Is féidir físeáin a chruthú ag baile i d’am féin, go hiomlán saor in aisce, agus mar sin de is féidir le duine ar bith clú agus cáil a bhaint amach mar réalt TikTok sa lá atá inniu ann.
Tá go leor leor cruthaitheoirí TikTok anseo in Éirinn a bhfuil ag éirí thar barr leo: Miriam Mullins, Garron Noone, Jonathan Nasti Finlay agus Sophie Ella gan ach cúpla duine a lua. Dá gcuirfí cosc ar TikTok in Éirinn, ní hamháin go gcaillfeadh na daoine seo a ngairm bheatha ach chaillfeadh muidne an píosa beag spraoi a bhíonn againn agus muid ag amharc ar fhíseáin an chruthaitheora is fearr linn.
Caithfidh mé a rá nár mhaith liom mo shaol a shamhlú gan Sophie Ella.
Ar a bharr sin, bíonn greann ar leith ag baint leis an tír bheag seo, à la droichead na dtrátaí silín i nDroim Conrach agus mí-úsáid na tairsí ar Shráid an Iarla Thuaidh. Is minic a dhéantar mearscaipeadh ar mhéimeanna na hÉireann a bhuí leis an algartam ar TikTok agus is dóigh liom féin go dtugann sé sin le chéile muid ar bhealach, go háirithe anois agus leath de mo chuid cairde imithe chun na hAstráile. Níl le déanamh ach brú ar chnaipe agus tá mé ábalta físeán aisteach greannmhar a roinnt le cara liom thar lear.
Ar an drochuair, caithfidh muid a chuimhneamh go mbeidh tionchar suntasach ag an chosc seo ar TikTok mar is eol dúinne é. Má thosaíonn cruthaitheoirí ag cailleadh lucht leanúna, agus níl aon amhras go gcaillfidh mar beidh cosc ar níos mó ná 170 milliún duine an aip a úsáid, is mó an seans nach n-úsáidfí an aip a thuilleadh.
Gheobhaidh TikTok bás agus rachaidh sé isteach sa reilig in aice leis na hardáin ar fad a d’imigh roimhe (cronaím thú go fóill, a Vine!). Ní fada go mbeidh na Meiriceánaigh in ann aip éigin nua a fhorbairt le hoibriú thart ar an chosc seo a chuirfidh níos mó de mo chuid ama amú ar aon nós.
Cad é a dhéanfainn féin gan TikTok? Níl a fhios agam, ach is dóigh go mbeadh i bhfad níos mó am saor agam.