Nuair a bhí na Gaeil i mbun scléipe ag Oireachtas na Samhna sa Citywest BÁC, bhí láithreoir aimsire TG4, Caitlín Nic Aoidh, i mbun cleasaíochta i lárionad TG4, Baile na hAbhann, agus tuar aimsire Oíche Shamhna á chur i láthair aici in airde ar chairpéad draíochta.
Ó shin, tá an físeán mearscaipthe sna meáin Bhéarla agus ardmholadh faighte aici as a cuid cruthaitheachta.
Seo díreach cuid dá raibh á rá ag her.ie.
…agus ag an Journal.ie.
Ag labhairt di le NÓS, dúirt Caitlín, arb as Cloich Chionnaola di ó dhúchas, go raibh a fhios aici le cúpla mí anuas go raibh sí le bheith ag obair Oíche Shamhna agus gur thosaigh sí ag ullmhú chuige tamall ó shin.
“Bhí a fhios agam go mbeinn ag cailleadh amach ar an chraic sa Citywest agus bhí mé ag iarraidh giota spóirt a bheith agam ar Oíche Shamhna.”
Is éard a bhí de dhíth ar Chaitlín le draíocht na Samhna a scaipeadh ar chainéal na nGael ná cairpéad, bocsa mór, pluid ghorm, bróga órga, cosa bréige (a rinne sí féin), seanchrúiscín agus deartháir deas, Eoghan Mac Aoidh, a bhí clúdaithe ó bhonn go barr le culaith ghorm lycra.
“Mar gheall go bhfuil scáileán gorm againn sa stiúideo, ní bhíonn rud ar bith gorm feiceálach ar an teilifís.
“Bhí mo dheartháir ag cuidiú liom fosta agus chuir sé culaith ghorm air agus bhí crúiscín ina lámh aige.
“Ag deireadh na haimsire thóg Eoghan an crúiscín in airde agus d’imigh mise ar an phointe boise,” arsa bean Thír Chonaill le gáire.
Ní sin deireadh na cleasaíochta ach oiread.
Nuair a tháinig Caitlín ar ais ar an scáileán chun na míreanna leanúnachais a chur i láthair, ní raibh le feiceáil againn sa bhaile ach a cloigeann gan chorp, “ollphuimcín santach” agus a lámh, lán fola.
Dúirt Caitlín go raibh craic iontach ag baint leis cé nach raibh sí ag dréim ar chor ar bith go mbeadh an oiread sin tóra air.
I ngan fhios di féin, tá seans maith ann go bhfuil tús curtha ag Caitlín le traidisiún nua ar TG4. Beidh muid ag tiúnáil isteach do thuilleadh draíochta ar Oíche Shamhna ar an bhliain seo chugainn!
Féach ar an fhíseán iontach ar leathanach Facebook TG4 anseo.