Cartlann iomlán ‘Gaelscéal’ ar fáil ar líne

Tá ábhar cartlainne ó NÓS ar fáil anois ar líne mar chuid de leagan nua digiteach de chartlann iomlán an nuachtáin Gaeilge Gaelscéal, a cuireadh ar fáil inniu.

Bhí Gaelscéal, nuachtán Gaeilge a bhí lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe, i gcló ar feadh tuairim is trí bliana, agus d’fhoilsítí eagráin chlóite NÓS ann ó am go chéile. 

D’oibrigh eagarthóir an nuachtáin, Ciarán Dunbar, atá anois ina iriseoir leis an BBC, agus an tOllamh Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri, as lámha a chéile leis an ábhar cartlainne a chur ar fáil go digiteach ar shuíomh Kevin, Cadhan.com. 

Rangaítear an t-ábhar de réir bliana agus tá chuile eagrán a foilsíodh ó 2010 go 2013 ar fáil ar an suíomh. Cuireadh deireadh tobann le Gaelscéal in earrach na bliana 2013, nuair a chuir Foras na Gaeilge deireadh leis an maoiniú a bhí an nuachtán a fháil. 

Luaigh an Foras an drochdhíolachán a bhí ar an nuachtán mar údar an chiorraithe agus dúirt an t-iar-eagarthóir ar leathanach clúdaigh na cartlainne “go gcaithfear a admháil gur fíor go raibh [an díolachán] íseal”. 

“Mar sin féin, ag amharc siar, tá mise sásta leis an méid cóipeanna a dhíol muid mar bhí sé inchurtha leis na nuachtáin eile a cuireadh amach sa teanga roimhe – in amanna beagán níos lú, in amanna beagán níos mó. Tá mé an-sásta chomh maith leis an léitheoireacht ar líne a bhain muid amach, creidim gur éirigh linn cur go mór le líon na ndaoine a léann an Ghaeilge mar fhoinse nuachta is tuairimíochta,” a dúirt sé. 

Cé gur lonnaithe i gCois Fharraige a bhí Gaelscéal, mar a bhí Foinse roimhe agus Tuairisc.ie ina dhiaidh, fearacht an dá sheirbhís eile sin, nuachtán náisiúnta a bhí ann a chlúdaigh scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta agus Gaeltachta. Bhí rannóga tuairimíochta, saoil, spóirt agus teicneolaíochta ar an bpáipéar agus iriseoirí aitheanta ar nós Pháidí Uí Lionáird, Bernie Ní Fhlatharta, Méabh Ní Thuathaláin, Niall O’Dowd agus Treasa Bhreathnach i mbun pinn ann. 

Tá cartlann Cuisle ar fáil ar shuíomh Kevin Scannell cheana féin, iris Ghaeltachta a foilsíodh ar feadh bliain go leith idir 1998 agus 2000. Tá súil ag Kevin tuilleadh irisí Gaeilge a chur leis an gcartlann amach anseo. 

SCÉALTA EILE