Cíocha, gramadach, ceol, agus Bríd Naofa – na hailt is mó léamh riamh ar NÓS

Tuairiscíodh inné gur bhain an iris seo dhá chloch mhíle mhóra amach le cúpla lá anuas – tugadh an 1,000,000ú cuairt ar an suíomh agus tháinig an 500,000ú léitheoir uathúil ar cuairt chugainn ó seoladh an leagan reatha den iris ar an 15 Eanáir 2015.

Agus an t-éacht seo á cheiliúradh san oifig againn inné, chaith muid súil siar ar na míreanna is mó a mheall na 500,000 léitheoir uathúla sin chugainn i gcaitheamh na seacht mbliana ó chuaigh NÓS ar líne. 

10. Fir Ghaeltachta vs Fir Ghalltachta – cé acu is blasta?

“Is as an Ghalltacht fear s’agam ar an drochuair agus in ainneoin go bhfuil Gaeilge bhinn bhlasta aige, níl a bhod chomh blasta céanna…”

Tá an Cailín sa Chathair ag scríobh dúinn ó foilsíodh an chéad eagrán den iris, Eagrán 0, siar sa bhliain 2008. Is iomaí cor agus casadh a baineadh as saol an Chailín i gcaitheamh na mblianta sin, ach bíonn éileamh ar a scéalta agus a comhairle i gcónaí. Foilsíodh an t-alt seo i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus déantar iniúchadh ann ar bhlas agus bua na mbod Galltachta agus Gaeltachta. 

9. Sé fhocal Gaeilge den scoth – nach féidir a aistriú lom díreach

“Má chaith tú seal riamh ag léamh an fhoclóra (agus cé againn nár chaith?) tá a fhios agat go maith gur iomaí focal iontach tuairisciúil atá sa teanga…”

Sa bhliain 2015, chuaigh an físbhlagálaí aitheanta Ciara Ní É ag póirseáil trí mhórfhoclóirí na Gaeilge agus í sa tóir ar fhocail dála ‘athphrátaí’  agus ‘ainbhlinn’ – focail nach bhfuil aistriúchán gonta beacht Béarla ar fáil dóibh. 

8. Cúig nós ársa ar Lá Fhéile Bríde – ceiliúradh an earraigh agus an naoimh

“Chuile oidhche Naomh Brighde déanann fear an tighe Cros Brighde de chóchain nó de luachar, agus crochtar é os cionn doras an chisteanaigh chun an tigh do choineál ó thrioblóid, is ó theinneas i rith na bliadhna…” 

Labhair an Dr Dónal Ó Droighneáin le NÓS sa bhliain 2016 faoi na bealaí éagsúla a thugtaí ómós do bhandia agus naomh mór na hÉireann, Bríd, ar Lá Fhéile Bríde. 

7. Na 30 leabhar Gaeilge is fearr leis na Gaeil

“Tá béim ar leith ar litríocht na Gaeltachta agus tá ocht leabhar ina bhfuil an ghné seo go láidir iontu agus scata mór beathaisnéisí Gaeltachta…”

Chuir NÓS suirbhé amach i measc ár léitheoirí i rith na bliana 2017 faoi na leabhair Ghaeilge is fearr a thaitin leo. Ní raibh le déanamh acu ach an cheist shimplí seo a fhreagairt: céard iad na trí leabhar Gaeilge i mó a thaitin leat. Tháinig na freagraí isteach ina rabhartaí agus bhí Eoin P Ó Murchú ann le scagadh agus anailís a dhéanamh ar na torthaí. Timpeall 115 duine ar fad a vótáil agus luadh isteach is amach le 150 saothar ó réime leathan seánraí. Cén leabhar is fearr leat féin? 

6. Amhrán na hAoine – ‘Amhrán na nGael’ le Méabh Ní Bheaglaoich

“Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil an oiread sin saibhris atá againn anseo, leis an gceol, leis an dteanga, leis an stair, leis an bhfilíocht, leis na healaíona i gcoitinne…”

Mír rialta ab ea ‘Amhrán na hAoine’ ar leathanaigh NÓS i lár na deichaoise seo caite. D’fhoilsímis amhrán nua Gaelach uair sa tseachtain agus agallamh leis an ceoltóir breá Gaelach a d’eisigh é. Bhí an-tóir go deo ar an agallamh seo a rinne an t-amhránaí Duibhneach Méabh Ní Bheaglaoich linn i mí Mhárta na bliana 2017 faoina hamhrán iomráiteach ‘Amhrán na nGael’. 

5. Na 10 logainm Gaeilge is iontaí in Éirinn – bhí dúil againn i mbaill choirp!

“Is minic daoine ag gáire faoi leaganacha Gallda de logainmneacha na tíre, leithéidí Muff agus Hackballs Cross, ach cad faoinár n-ainmneacha bunaidh Gaeilge…”

Sa bhliain 2015 chuaigh bunaitheoir NÓS agus eagarthóir na linne Tomáí Ó Conghaile sa tóir ar na logainmneacha Gaeilge is iontaí dá bhfuil ann sa tír seo. Ag póirseáil trí bhunachar Logainm.ie agus Placenamesni.org (dhá shuíomh atá tagtha le chéile ó shin) le cuid de na logainmneacha is aistí – agus is gáirsiúla! – a aimsiú. 

4. Fliuch – iris phorn i nGaeilge? Cuntas Twitter seolta ag ‘foilseachán’ úrnua 

“Fliuch is teideal don fhoilseachán a deir go bhfuil ‘na Gaeil ag fanacht rófhada ar phorniris cheart’ agus a dhíreoidh, dar leo, ar ‘ghirseacha galánta agus dea-bhuachaillí dalba’…”

Baineadh preab as pobal na Gaeilge ar líne i mí Feabhra na bliana 2015 nuair a seoladh cuntas Twitter inar maíodh go bhfoilseofaí an chéad iris phornagrafaíochta Ghaeilge riamh. Foilsíodh an chéad eagrán den iris in 2016 agus ceithre bliana ina dhiaidh sin cuireadh an dara heagrán amach. Ag fanacht go fóill atá Gaeil na hÉireann ar an tríú heagrán de Fliuch.

3. Sé bhotún choitianta sa Ghaeilge – an ndéanann tusa na meancóga seo? 

Bíonn na mílte againn ag scríobh ar Facebook, ar Twitter agus ar shuíomhanna eile ar bhonn laethúil, ach an mbíonn an méid a scríobhann muid cruinn i gcónaí…

Ba le cabhair ónár gcairde i nGaelchultúr i mBaile Átha Cliath a chuir muid an liosta seo le chéile sa bhliain 2015. Tá níos mó Gaeilge á scríobh anois mar gheall ar an idirlíon ná mar a bhí ag aon am eile i stair na teanga. Scríobhtar na céadta mílte focal Gaeilge ar na meáin shóisialta agus ar fhoilseacháin Ghaeilge ar líne bliain i ndiaidh bliana agus d’iarr NÓS ar lucht Ghaelchultúir cuid de na botúin is coitianta a mhíniú agus a cheartú dúinn. 

2. The Foggy Dew…as Gaeilge!

“Siad plúr na laoch a thit faraor
I mbriseadh cruaidh na Cásc’
Agus d’fhág siad sinn go cráite tinn
Ag éagaoin fána mbás…”

D’eisigh an t-amhránaí – agus stiúrthóir físeán NÓS – Gráinne Holland a dara halbam Gaelré sa bhliain 2015. Bhí an leagan álainn Gaeilge seo den amhrán The Foggy Dew i measc na n-amhrán ar an mbailiúchán, agus é eisithe díreach in am don cheiliúradh mór a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca 1916 an bhliain dar gcionn. Bíonn éileamh arís agus arís eile ar an amhrán seo chuile bhliain faoi Cháisc, rud a choinníonn gar do bharr an liosta é.

1. 10 ndeasú gnéis…as Gaeilge – bíodh spraoi Gaelach agat ar oíche an ghrá

“Tá an iliomad cumann agus eagraíochtaí eile ar fud na tíre a thugann deis do dhaoine an Ghaeilge a úsáid ar bhealach neamhfhoirmeálta. Is maith ann iad cinnte ach caithfear an chéad chéim eile a thógáil agus an teanga a thabhairt abhaile – nó, go sonrach, chuig an seomra leapa…”

Foilsíodh an t-alt seo Lá San Vailintín 2015 agus scaipeadh ina loscadh sléibhe é. Bhí sé ag barr an liosta de na hailt is mó léamh gach uile bhliain ó shin. Is léir gur theastaigh a leithéid de threoir go géar ó na Gaeil! Meastú an bhfuil glúin nua cainteoirí Gaeilge anois ar an bhfód a bhuí le léaráidí NÓS…?